Monday, June 14, 2010

Oireachtas

Chinn mé, ag an deireadh seachtaine, liosta de na meáin a chur ar mo bhlag, agus tá an liosta ar dheis ansin, a léitheoirí, faoi mo Dhúchasaigh, más mian libh súil a chaitheamh orthu. Níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc luaite, agus beidh sibh, tá súil agam, istigh ar an suíomh cuí.

Má tá aon cheann ar iarraidh, cinn Ghaeilge atá i gceist, bheinn buíoch ach bhur moltaí a fháil. Ba mhaith liom na cinn le faisnéis nuashonraithe a chur ar an liosta, más féidir é ar chor ar bith.

Níor chuir mé nós* ar an liosta, mar níl a dhath ag tarlú leis an iris sin na laethanta seo, ná le roinnt míonna anuas, feictear dom. D’íoc mé síntiús leo i Mí Iúil, agus fuair mé dhá chóip den iris sa phost anuraidh. Tá a fhios agam go bhfuil Tomaí iontach gnóthach, mar is iondúil leis an bhfear uasal sin, ach ba dheas scéal de shaghas éigin a fháil uaidh maidir le staid na hirise, más rud go bhfuil baint aige léi fós, ar ndóigh.

Mhol mé an iris nós*, díreach roimh an Nollaig anuraidh, agus creidim féin gur mhaith an rud a bheadh ann dá gcuirfeadh lucht na hirise, tríd an suíomh sin acu, b’fhéidir, na síntiúsóirí ar an eolas faoi céard atá i ndán don iris. Ní fhaigheann siad maoiniú, chomh fada agus is eol dom, rud a fhágann go mbraitheann siad go mór ar shíntiúsóirí, cheapfainn. B’fhéidir nach bhfuil ann ach sos beag uathu, agus ba mhaith liom an iris a fheiceáil ag teacht chun cinn arís. Idir an dá linn, céard atá ag tarlú libh, a lucht ceannais nós*?

Tháinig mé ar an suíomh Nuacht1 le déanaí, agus taitníonn sé go mór liom. Tá blúirí ó na meáin éagsúla acu, rud a fhágann gur fiú sracfhéachaint laethúil a chaitheamh ar an suíomh, agus é sin a dhéanamh ó am go chéile i rith an lae, mar bíonn tuairiscí nuashonrúcháin rialta ann, feictear dom.

Mo chuimhne, a bhuí le Nuacht1, tháinig mé ar an scéal seo ó Ghaelport. Más mian leat bheith san iomaíocht i gComórtas Liteartha an Oireachtais, sé an chéad lá de mhí Iúil an spriocdháta iontrála. San alt sin, ó Pheadar Mac Fhlannchahda, scríobhann sé,

Tá réimse leathan comórtas i gceist, iad dírithe ar úrscéalta, filíocht, drámaíocht stáitse agus raidió, ficsean do dhaoine óga, gearrscéalta, prós agus script teilifíse, chomh maith le, comórtas dírithe ar dhaoine a bhíonn ag blagáil.’

Déanaigí deifir! Níl fágtha agaibh ach sé lá dhéag…

Tá suíomh nua Oireachtas na Gaeilge, agus na sonraí uile, le fáil anseo.
.

4 comments:

  1. Tá An Gael ar lár!
    www.angaelmagazine.com

    ReplyDelete
  2. Táim idir dhá chomhairle maidir leis an Oireachtas. Tá sé an-daor iarratas a dhéanamh ar rud amháin, gan trácht ar cúpla rud.

    ReplyDelete
  3. Úps! Agus bhí Comhar ar lár, freisin...

    An dóigh a bhreathnaím féin ar tháillí an Oireachtais, a Shéamais, is tacaíocht atá iontu, ó na hiarrthóirí, don eagraíocht agus, dá bhrí sin, don teanga.

    Is fiú é, i mo thuairim...:-)

    ReplyDelete
  4. Bíonn drogall orm daoine a íoc as mo stuif a léamh, cé go ndearna mé amhlaidh cúpla uair.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.