Thursday, May 27, 2010

Bans na mBan

Dar leis an alt a léigh mé san Irish Times inné, seo mar a chaith dlíthe na tíre seo le Mná na hÉireann i 1970:

1. Ar phósadh dí, dá mba rud é go raibh post aici sa tseirbhís phoiblí, nó le banc, bhí uirthi an post sin a fhágáil.

2. Ní fhéadfadh sí bheith ina ball de choiste cúirte, mar ghiúróir.

3. Ní raibh cead aici ábhair fhrithghiniúna a cheannach.

4. Bhí go leor tithe tábhairne nach dtabharfadh cead isteach di, cé go raibh tithe tábhairne ann a ligfeadh isteach í, ach fear a bheith léi.

5. Ba le fear an tí amháin a d’íoctaí an sochar linbh.

6. Ní raibh sí in ann ordú urchoisc a fháil le toirmeasc a chur ar a fear céile faoi ionsaí a dhéanamh uirthi, is cuma cén drochíde a thabharfadh sé di.

7. Ní raibh seilbh dhleathach ag an mbean phósta ar áras an teaghlaigh, agus d’fhéadfadh a fear céile an teach a dhíol gan a cead.

8. Glacadh leis go raibh caidreamh collaí mar cheart ar an bhfear pósta, fiú murab é toil a chéile mná é.

9. Bhí a sainchónaí cibé áit ina raibh sainchónaí a fear céile, fiú mura raibh sí féin ina cónaí sa tír sin leis.

10. Ní bhfuair sí pá comhionann ar obair chomhionann, Fuair fir pá i bhfad níos airde ná í.

Bhí mé i mo dhéagóir ag an am.
.

11 comments:

  1. B'amhlaidh anseo sna 1870í, sílim...

    ReplyDelete
  2. Tá béarlagar na hóige níos fearr agatsa, is dócha. Cad is brí de ASG?

    ReplyDelete
  3. Is maith na dlíthe sin a bheith scortha. (Agus Paddy Hillery san AE atá freagrach as #10 a bheith scortha - ainneoin geonaíl abhus)

    Bhí am ann go raibh muid ag tús cadhnaíochta sa cheist - agus bhí an céad MP (sílim?) agus aire ban (Markiwiecz) againn.

    Ach ansin ligeadh maidí le sruth nó gníomhaíodh go diúltach. (Bhí an claonadh frith banda ann le fada, áfach - táim ag léamh B'ait leo Bean faoi láthair).

    An rud nach dtuigimse, ó tharla an-tionchar a bheith ag máithreacha agus céilí, gur chuir mná suas leis an tseafóid chomh fada sin.

    ReplyDelete
  4. A Shéamais, ASG = Ag Scairteadh Gáire'

    @ An rud nach dtuigimse...

    A Aonghuis, ní thuigimse féin é!

    Go deimhin, tá mná fós ag athrú sloinne nuair a phósann siad...

    ReplyDelete
  5. Bhuel, rinne mo bhean sin - ach go comhfhiosach. B'fhearr léi mo sloinne ná sloinne na bhfear a bhí a máthair pósta orthu roimhe.

    Tá an dá rud feicthe agam i mo ghlúinse. Agus is cuma leis an Stát - rud a chothaigh deacrachtaí dúinn sa Ghearmáin, de bharr nach raibh aon sloinne "pósta" luaite ar an dteastas as Éireann,

    ReplyDelete
  6. Ó tharla mé ag freastal ar an deireadh seachtaine lánGhaeilge an deireadh seachtaine seo, a Aonghuis, nílim in ann díriú, inniu, ar na nithe 'comhfhiosach' sin a dhéanann mná na linne seo, ach tiocfaidh mé ar ais chuig an ábhar sin, geallaim duit...;-)

    ReplyDelete
  7. Táim cinnte go mbainfidh!

    Fuair mé 'clár don deireadh seachtaine' ó Sheán Mór inné, agus tá gach rud eagraithe go hiontach aige, agus ag a chomhgleacaí, Mícheál.

    Beidh scór daoine ann, nó mar sin. Tabharfaidh mé an ríomhaire liom, ach an mbeidh am agam scríobh - sin ceist eile!

    Mo chuimhne, tá mo léirmheas ar Cúpla Focal le feiceáil ar Clubleabhar anois, más mian leat m'iarracht a léamh.

    ReplyDelete
  8. An dóigh leat go dtiocfaidh laghdú ar ionchas saoil na mban faoi dheireadh mar thoradh ar na h-athraithe siúd?

    Na mná tí a bhí ann le linn na sean-réime, mhair (maireann) an chuid is mó díobh le feadh blianta (anois) i ndiaidh a gcéile - i gcás theaghlach mo thuismitheoirí féin, mar shampla.

    ReplyDelete
  9. Níl a fhios agam, a Ormondo, ach feictear dom go bhfuil aithne agam ar go leor baintreach, agus is mná a bhformhór, mná nach raibh mórán níos óige, ná mórán níos sine, ná mé féin nuair a bhásaigh a gcéilí, fir nach raibh aois mhór acu nuair a cailleadh iad.

    Mar sin féin, níl ansin ach mo thabhairt faoi deara féin, agus ní féidir brath air mar staitistic...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.