Dar leis an alt a léigh mé san Irish Times inné, seo mar a chaith dlíthe na tíre seo le Mná na hÉireann i 1970:
1. Ar phósadh dí, dá mba rud é go raibh post aici sa tseirbhís phoiblí, nó le banc, bhí uirthi an post sin a fhágáil.
2. Ní fhéadfadh sí bheith ina ball de choiste cúirte, mar ghiúróir.
3. Ní raibh cead aici ábhair fhrithghiniúna a cheannach.
4. Bhí go leor tithe tábhairne nach dtabharfadh cead isteach di, cé go raibh tithe tábhairne ann a ligfeadh isteach í, ach fear a bheith léi.
5. Ba le fear an tí amháin a d’íoctaí an sochar linbh.
6. Ní raibh sí in ann ordú urchoisc a fháil le toirmeasc a chur ar a fear céile faoi ionsaí a dhéanamh uirthi, is cuma cén drochíde a thabharfadh sé di.
7. Ní raibh seilbh dhleathach ag an mbean phósta ar áras an teaghlaigh, agus d’fhéadfadh a fear céile an teach a dhíol gan a cead.
8. Glacadh leis go raibh caidreamh collaí mar cheart ar an bhfear pósta, fiú murab é toil a chéile mná é.
9. Bhí a sainchónaí cibé áit ina raibh sainchónaí a fear céile, fiú mura raibh sí féin ina cónaí sa tír sin leis.
10. Ní bhfuair sí pá comhionann ar obair chomhionann, Fuair fir pá i bhfad níos airde ná í.
Bhí mé i mo dhéagóir ag an am.
.
Solas - Sólás!
4 hours ago
B'amhlaidh anseo sna 1870í, sílim...
ReplyDeleteASG!
ReplyDeleteTá béarlagar na hóige níos fearr agatsa, is dócha. Cad is brí de ASG?
ReplyDeleteIs maith na dlíthe sin a bheith scortha. (Agus Paddy Hillery san AE atá freagrach as #10 a bheith scortha - ainneoin geonaíl abhus)
ReplyDeleteBhí am ann go raibh muid ag tús cadhnaíochta sa cheist - agus bhí an céad MP (sílim?) agus aire ban (Markiwiecz) againn.
Ach ansin ligeadh maidí le sruth nó gníomhaíodh go diúltach. (Bhí an claonadh frith banda ann le fada, áfach - táim ag léamh B'ait leo Bean faoi láthair).
An rud nach dtuigimse, ó tharla an-tionchar a bheith ag máithreacha agus céilí, gur chuir mná suas leis an tseafóid chomh fada sin.
A Shéamais, ASG = Ag Scairteadh Gáire'
ReplyDelete@ An rud nach dtuigimse...
A Aonghuis, ní thuigimse féin é!
Go deimhin, tá mná fós ag athrú sloinne nuair a phósann siad...
Bhuel, rinne mo bhean sin - ach go comhfhiosach. B'fhearr léi mo sloinne ná sloinne na bhfear a bhí a máthair pósta orthu roimhe.
ReplyDeleteTá an dá rud feicthe agam i mo ghlúinse. Agus is cuma leis an Stát - rud a chothaigh deacrachtaí dúinn sa Ghearmáin, de bharr nach raibh aon sloinne "pósta" luaite ar an dteastas as Éireann,
Ó tharla mé ag freastal ar an deireadh seachtaine lánGhaeilge an deireadh seachtaine seo, a Aonghuis, nílim in ann díriú, inniu, ar na nithe 'comhfhiosach' sin a dhéanann mná na linne seo, ach tiocfaidh mé ar ais chuig an ábhar sin, geallaim duit...;-)
ReplyDeleteBain sult as.
ReplyDeleteTáim cinnte go mbainfidh!
ReplyDeleteFuair mé 'clár don deireadh seachtaine' ó Sheán Mór inné, agus tá gach rud eagraithe go hiontach aige, agus ag a chomhgleacaí, Mícheál.
Beidh scór daoine ann, nó mar sin. Tabharfaidh mé an ríomhaire liom, ach an mbeidh am agam scríobh - sin ceist eile!
Mo chuimhne, tá mo léirmheas ar Cúpla Focal le feiceáil ar Clubleabhar anois, más mian leat m'iarracht a léamh.
An dóigh leat go dtiocfaidh laghdú ar ionchas saoil na mban faoi dheireadh mar thoradh ar na h-athraithe siúd?
ReplyDeleteNa mná tí a bhí ann le linn na sean-réime, mhair (maireann) an chuid is mó díobh le feadh blianta (anois) i ndiaidh a gcéile - i gcás theaghlach mo thuismitheoirí féin, mar shampla.
Níl a fhios agam, a Ormondo, ach feictear dom go bhfuil aithne agam ar go leor baintreach, agus is mná a bhformhór, mná nach raibh mórán níos óige, ná mórán níos sine, ná mé féin nuair a bhásaigh a gcéilí, fir nach raibh aois mhór acu nuair a cailleadh iad.
ReplyDeleteMar sin féin, níl ansin ach mo thabhairt faoi deara féin, agus ní féidir brath air mar staitistic...:-)