Friday, April 30, 2010

Nasc le Nathanna Nua

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach is iontach an rud í an teicneolaíocht!

Táim ag scríobh chugaibh anois, agus mé ar an mbóthar go Gaillimh, i mo shuí sa charr, agus mo mhaide leathanbhanda soghluaiste greamaithe le mo ríomhaire glúine. Ar ndóigh, beidh áthas oraibh a chloisteáil nach mé atá ag tiomáint.

Cibé scéal é, ó tharla go bhfuilim ag IM’áil leis an dream thall i mBostún ón gcarr, agus ó tharla go bhfuilim ag iarraidh an gaisce sin a roinnt libh, chuaigh mé ar thóir an leagain Ghaeilge ar ‘instant messaging’.

Dar le focal.ie, táim ag ‘cur teachtaireachtaí meandracha’. B’fhéidir é, ach is fearr liom an leagan a tháinig isteach i mo chloigeann féin ar dtús agus, bíodh sé ceart nó mícheart, ceapaim féin go bhfuilim ag ‘tatláil’; ag ‘teachtaireacht ar an toirt’, mar a déarfá, an ‘tat’ ag teacht chugam ó na focail sin, agus an ‘láil’ curtha agam leis an ‘tat’ mar go bhfuil sé de nós againn bheith ag, ahem, ‘múnláil’ liom, an dtuigeann sibh.

Sea, tá a fhios agam go bhfuil sé sin rud beag cosúil le ‘tattling’ an Bhéarla, ach nach ag tattling a bhím agus mé ag tatláil liom, shílfeá!

Ar ndóigh, níl an tseirbhís leathanbhanda soghluaiste seo foirfe. Tá an nasc ag teacht agus ag imeacht, rud a fhágann go gcaithfear an téacs a shábháil go rialta. Mar sin féin, táim ag cumadh liom ar nós cuma liom, agus táim ar mo bhealach go Conamara. Diabhal locht air sin!

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a léitheoirí.
.

2 comments:

  1. Maith thú, a Áine. Saol an-difriúil atá ann, gan aon amhras. Is fearr do nath ná aidhemeáil, ach an nglacfar leis? Ní mór plean fiche bliain a chur i bhfeidmh chun é a chur i mbéal na ndaoine...

    ReplyDelete
  2. Is dóigh go mbeidh bealaí eile cumarsáide ann faoin am sin, a Shéamais!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.