Tuesday, April 27, 2010

Frídíní Fánacha

Bhí frídín fánach do m’ionsaí le seachtain anuas, frídín a fuair an ceann is fearr orm ag an deireadh seachtaine. Ón Aoine seo caite, bhí gach rud a d’ith mé ag imeacht le sruth, d'fhéadfá a rá, rud beag cosúil leis an airgead atá ag dul isteach i NAMA, shílfeá.

Ní raibh fonn orm a dhath a léamh, ná a dhath a scríobh. Bhí mé tinn, an dtuigeann sibh. Mar sin féin, a fhad is a bhí mise i mo luí ar mo leaba, ag troid le mo fhrídín, bhí scéalta ag titim ar mo chluasa, ón raidió agus ón teilifís.

Is léir go bhfuil na frídíní fánacha chuile áit. Chaithfeadh sé gur ionsaigh siad Máire Geoghegan Quinn bhocht ag an deireadh seachtaine, freisin, mar bhuail laige de shaghas éigin í idir an Aoine agus an Luan, agus chaill sí pinsean nó dhó.

Ar an Aoine, ní raibh Máire ná mé féin ag súil le punt ar bith a chailleadh, ach, mar a deir an seanfhocal, is lú na fríd máthair an oilc.
.

8 comments:

  1. Tá súil agam go bhfuil biseach ort anois, a Áine.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. I bhfad níos fearr, go raibh maith agat, agus rud beag níos tanaí - diet amháin nach mholfainn, a mhaisce!

    ReplyDelete
  4. Súil agam go mbeidh tú ar do sheanléim (agus leann) gan mhoill.

    ReplyDelete
  5. Níl blas ceart ar an bhfíon fós, a Aonghuis...:-)

    ReplyDelete
  6. Oops. Léann a bhí i gceist agam. Ach is cúnamh é sú na fíniúna chomh maith, gan amhras.

    ReplyDelete
  7. Nuair a bhí na frídíní ag gabháil domsa cúpla seachtain ó shin ba bheag an fonn a bhí orm a dhath a dhéanamh. Tuigim duit agus tá súil agam go mbeidh tú ar bharr do mhaitheasa arís - agus gan moill!

    Cuireann scéal Máire GQ masmas orm, cé gur bean chumasach í an bhean chéanna, is dócha, agus cainteoir dúchasach.

    Ach ag an am céanna, is geall le coir í, a leithéid de phinsean a fháil ag an aois ar bhfuair sí é (47?) go dtí an lá seo. Ní córas daonlathach atá i gceist anseo ach córas foghla agus seadáin, is oth liom a rá.

    ReplyDelete
  8. Tá an córas ag athrú, nó ar tí athrú, ceapaim, a Ormondo - tá na dominoes ag titim!

    Táim ag aireachtáil go hiontach anois, go raibh maith agat, a chara.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.