Sunday, April 18, 2010

Baic an Bholcáin Bhacaigh

Thréig codladh na hoíche mé luath go leor ar maidin, a léitheoirí, agus chinn mé go mba chóir dom éirí agus cupán caife a bheith agam in bhur gcomhluadar.

Nach suimiúil an tseachtain a bhí ann? Tá cuairteoirí linn anseo, dream a bhí in ainm a bheith ar ais i Londain ó Dé hAoine, ach atá fós linn, de thoradh an bholcáin úd san Íoslainn, ashteach, ahem, go leor.

Fuair mé téacs inné ó chara liom thall in Providence, Rhode Island. Chuaigh sí anonn, an tseachtain seo caite, chuig tionól cuilteála, agus níl bealach abhaile aici go hÉirinn go dtí Dé Céadaoin seo chugainn, ar a thúisce. Níl eitleáin ar bith sásta í a thabhairt as Bostún abhaile, fós ar aon nós, agus thuigfeá sin.

Ar ndó, ahem, ní raibh súil aici go mbeadh uirthi fanacht thall, agus ní raibh áit le fanacht aici. Bhí sí i sáinn. Suas liom ar mo chapall bán, scairt mé ar an dream thall, agus tá sí anois i gcomhluadar daoine a thabharfaidh aire mhaith di, go dtí go bhfaighidh sí bealach abhaile, luaithreach, ahem, nó mall.

Is é an smaoineamh a rith liom féin ar maidin, a léitheoirí, gur féidir linn uile ár rogha rud a rá faoi dhia nó faoi dhiabhal, ach is é an nádúr atá i gceannas orainn uile, shílfeá.

Bainigí sult as an lá, a chairde.
.

6 comments:

  1. "luaithreach, ahem, nó mall."

    :) :)

    ReplyDelete
  2. Scéal maith...tá an Hannover Messe ar siúl an seachtain seo agus an-chuid cáirde agam i Meiriceá nach féidir leo dul ann...

    ReplyDelete
  3. Ash-teach go leor! :-)

    Nach bhfuil ábhar gearrscéil sa mhéid atá ag tarlú faoi láthair; gearr- agus ní úrscéal, má tá an t-ádh againn!

    ReplyDelete
  4. Is tráthúil an meabhrú atá ann nach bhfuil an dúlra in-smachtaithe againn.

    ReplyDelete
  5. Is trua liom na daoine bochta atá thar lear cheana, a Eoin, agus iad i sáinn i dtír iasachta, cuid acu gan pingin rua ina bpócaí, chuirfinn geall.

    Tá an ceart agat, a Ormondo, agus beidh go leor daoine ann, tar éis na tubaiste seo, lena scéal féin le hinsint acu!

    Is tráthúil a Aonghuis...;-)

    Áthas orm, a Mhíshásta, gur shásaigh m'fhocail tú...:-)

    ReplyDelete
  6. Seanfhocal: Tagann boladh bréan ar éisc agus ar aíonna tar éis trí lá...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.