Friday, April 16, 2010

An Gael

Tá trí eagrán den iris An Gael faighte agam go dtí seo, é foilsithe go ráithiúil, ag Cumann Carad na Gaeilge, faoi chúram Shéamais Uí Neachtain agus a chomhghleacaithe, Rory Spellman, Gearóid Ó Ceallaigh, Máirín de Grás agus Bean Uí Mhuilleoir.

Is cuimhin liom, agus mé i mbun céime in Ollscoil Uladh ag Coláiste Mhig Aoidh i nDoire roinnt blianta ó shin, gurb é ‘An Ghaeilge ar Imirce go Meiriceá’ a bhí mar ábhar tráchtais agam. Ag an am sin, rinne mé cuid mhaith taighde ar Mhícheál Ó Lócháin, an fear as Gaillimh a d’fhoilsigh, i Meiriceá, an iris mhíosúil, An Gaodhal, ar feadh seacht mbliana déag, ó 1881 go dtí go bhfuair sé bás. Iris dhátheangach a bhí ann, le béim ar leith ar an nGaeilge mar theanga labhartha.

Scríobh Fionnuala Uí Fhlannagáin, in ‘Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal’, (1990, Clóchomhar, BÁC, lch. 54), ‘Bá thoirtiúil an méid ábhar idir fhilíocht, scéalta, phaidreacha, sheanfhocail agus amhráin a foilsíodh in An Gaodhal...’, agus, feictear dom, go bhfuil Séamus agus a chomhghleacaithe ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an traidisiún sin.

Tá áthas orm gur éirigh liom cuid de mo dhánta féin a chur ar fáil don chéad agus don tríú heagrán, agus tá alt liom sa dara heagrán ina gcuirim síos ar mhodh oibre na siopaí áitiúla agus mé ag fás aníos i gConamara. Ach ní mé amháin atá ag soláthar ábhar, a chairde. Feictear dom go bhfuil dánta le mo chomhbhlagálaí, Tim Quinlan, san eagrán is deireanaí, agus Panu é féin ag labhairt faoi An Leabhar Nimhe, agus tuilleadh le hais ó Iarla Mac Aodha Bhuí, Máiréad Perron, Gearóid Ó Ceallaigh, Eoin Dunford, Lugh DePaor, agus Muiris Ó Bric.

Feictear dom gur deis iontach atá ann dúinn uile ár gcuid féin den ‘fhilíocht, scéalta, phaidreacha, sheanfhocail agus amhráin’, agus ar uile, a chur ar fáil, le go mbeimid ag caomhnú thraidisiúin na linne seo don ghlúin atá le teacht, agus mholfainn d’aon duine agaibh, a léitheoirí, a cheapann go bhfuil ábhar agaibh a d’fheilfeadh don iris, dul i dteagmháil le Séamus ag an Gael ag optonline ponc net, agus ábhar bhur smaointe agus bhur dtraidisiúin féin a roinnt leis, más mian libh. Ceapaim go bhfáilteodh sé lena leithéid, agus nach ar scáth a chéile a mhaireann muid uile.

Tá eagrán an Earraigh de An Gael faighte agam, agus is féidir leatsa an rud ceannann céanna a dhéanamh, a léitheoir, ach na sonraí a leanúint ar an suíomh sin. 

1 comment:

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.