Monday, March 15, 2010

'Somebody Else's Problem'

Ní maith liom aon duine a fheiceáil agus iad faoi bhrú, curtha i sáinn, mar a déarfá, de thoradh dhrochghníomhaíochtaí daoine in údarás. Sin mar a tharla, mar shampla, do pháistí bochta a bhí faoi chúram an stáit agus na heaglaise le blianta fada, gan trácht ar an drochíde a tugadh do na páistí sin, arís is arís eile, de thoradh neamhghníomhaíochta daoine in údarás.

Feictear dom go bhfuil an Cairdinéal Brady faoi bhrú, é i sáinn anois ag na focail sin a dúirt sé, ‘he would resign if he ever found children had been abused as a result of any failing on his part while a bishop or manager.’ Bhuel, bhí neamhghníomhaíocht ann, más fíor, ach, dar leis an gcairdinéal ar Morning Ireland ar maidin ‘I felt I did my duty’ ach ‘others did not do their duty’.

Nuair a cuireadh ina leith ‘you remained silent for 20 years’, faoi dhrochghníomhaíocht Brendan Smith dúirt sé ‘I did not..’ ach, dar leis, chuir sé an t-eolas ar aghaidh ‘to the man who had the power to act…’. Chuig na gardaí, an ea? Ní hea. Chuir sé an t-eolas ar aghaidh chuig an easpag a bhí i gceannas ar Bhrendan Smith agus, dar leis an gcairdinéal, ‘I carried out my duties…I was there taking evidence…I had no decision making powers…’.

Arís is arís eile, tá sé le feiceáil againn ar fud na tíre seo, go raibh, agus go bhfuil fós, córais i bhfeidhm sna húdaráis éagsúla, córais ina samhlaím daoine le málaí acu, nó le boscaí acu, nó le taisceadáin acu áit éigean; málaí, boscaí, taisceadáin le ‘Sombody Else’s Problem’ scríofa orthu, shílfeá, agus is iad páistí agus gnáthphobal na tíre seo a bhí, agus atá, ag fulaingt dá bharr sin.
.

2 comments:

  1. Is cuma céard a deir siad, príomhaidhm cliarlathais ar bith ná é féin a bhuanú, come what may. Agus cad é an cliarlathas is sine ar domhan sa lá atá inniu ann? Hmmm?

    ReplyDelete
  2. Mar a dúirt Fr. Brian D'Arcy ar chlár Gerry Ryan ar maidin, a Dennis, b'fhéidir go gcaithfear 'to rescue the church from the clerics'.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.