Thursday, March 4, 2010

Sinéad agus an tEaspag

Bhí Sinéad O’Connor ag labhairt le Gerry Ryan inné, iarratas an Dr. Dennis Brennan faoi chaibidil acu, iarratas atá luaite agam anseo cheana.

Más mian leat an litir a scríobh sí a léamh, agus más mian leat litir an Rev. John Carroll ón deoise a léamh, agus más mian leat meon cuid de pharóistigh na deoise a léamh seo chugaibh, a léitheoirí.

Líne amháin ón Rev. Carroll daoibh, más fíor,

It may very well be that a decision will be taken to dispose of one of the diocesan assets – but that will only occur after the conclusion of consultation over the coming months, and perhaps years – with churchgoers.’

Hmmm...
.

11 comments:

  1. Maith thú a Sinéad a chailín.

    Ach is mar gheall ar dhaoine cosúil le mo dhuine Colm -agus táid ann ina mílte- go gcreideann an bhunaíocht lofa in Éirinn gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh. Bíodh sin éigniú daoine óga agus ansin ag cur cuma an íospartaigh orthu, nó caimiléireacht polaitíochta agus eacnamaíochta.

    ReplyDelete
  2. he would be burning down the Vatican, and I, for one, would be helping him” a dúirt sí. Is olc an smaoineamh é sin. Na sócmhainní atá ann! Ba chóra an rud ar fad a chur ar ceant!
    ;-)

    ReplyDelete
  3. OK. Tá bhur racht curtha díbh agaibh agus tá súil agam gur bhain sibh faoiseamh aisti. Níl fúmsa aon chosaint a dhéanamh ar Easpaig nó cléir nó siúracha nó bráithre nó múinteoirí nó tuistí as mí-úsáid ghnéasach nó síceolaíoch a imirt ar éinne. Ach bíodh sé de mhisneach agaibh a admháil nach iad na heaspaig agus na sagairt amháin is Eaglais ann. Gach duine a bhfuil ar an chumas a rá “Is Caitliceach mé” is cuid den Eaglais tú. Thairis sin, bhí a fhios ag mo ghlúin féin, ag glúin mo thuistí agus ag na glúine rompu siúd go raibh an mhí-úsáid ar siúl. Agus cad a rinne siad? Faic! Agus cad ba chúis leis sin? Meatacht. Sea, meatacht. Sinn uilig ciontach as ár dtost, agus ós mar sin atá an scéal, tá dlite orainn cúiteamh a dhéanamh leo siúd a caitheadh go holc leo. An gá sin a dhéanamh trí airgead a sheoladh chuig an Eaglais? Ní gá. An gá cur suas le cléir agus easpaig nár chomhlíon a ndualgais? Ní gá. Cad a dhéanfaimid mar sin? Ná díol leo. An punt dollar euro a chaithfeá sa chiseán maidin Domhnaigh, díol le heagrais é a fhóireann ar na híobartaigh. Cumhacht an sparáin, ní beag í.

    ReplyDelete
  4. An t-airgead a chaitear sa chiseán ar aifreann anseo in Éirinn, is chun costaisí an pharóiste a íoc. Ní théann sé isteach i gcófrái an eaglais i gcoitinne. Tá roinnt bailiúchán eile a dheintear chun tuarastal an sagairt áitiúl a íoc. Ní chabhródh aon gearradh siar ar na íocaíochtaí úd le fadhbbanna in insitiúd na heaglaise a réiteach.

    Rud eile dhe - ní aontaím in aon chor go raibh a fhios ag gach éinne go raibh mí-úsáid ghnéis ar pháistí ar siúl san eaglais.

    ReplyDelete
  5. Seans ann, Míshásta, gur mó d’eolas ar chúrsaí airgidís na hEaglaise in Éirinn ná m’eolas féin. Seans ann, freisin, nach bhfuil ar gach paróiste thall cuntais chruinne den chéad scoth a chur ar fáil gach bliain. Abhus, gearrtar cáin ar ioncam gach paróiste agus díoltar leis an deoise í. Ní chreideann tú go raibh fios go forleathan ag muintir na tíre faoin drochíde? Agus tú i ngar deich bliana dom aois féin? N’fheadar cá raibh tú ag cur fút. Nó an ea go bhfuil muintir na hardchathrach níos súil-oscailte ná daoine in áiteanna eile sa tír? Ní raibh mé ach deich mbliana d’aois nuair a chuala m’athair agus cara leis ag cur síos ar iompar na mBráithre in Artane agus ar an gcruálacht a bhí á fulaingt ag na leaideanna i nGleann Crí. Conas a chuirfeá Gaeilge ar ‘None so blind as he who will not see’?

    ReplyDelete
  6. B’fhéidir go raibh mise iontach soineanta, nó dall, nó go raibh an t-ádh liom, ádh nach raibh leis na páistí bochta sin, ach ní raibh a fhios agamsa go raibh a leithéid ag tarlú, a SheáinO.

    Ach, más rud go raibh duine ar bith ar an eolas faoi, agus más rud gur lean siad orthu ag tacú leis an eaglais ar bhealach ar bith, agus más rud go bhfuil siad fós ag tacú leis an eaglais sin ar bhealach ar bith, in ainneoin an eolais atá ag teacht ina thonnta ina dtreo, níl a dhath a déarfaidh mise ná sibhse, ná Sinéad, ná duine ar bith eile, ag dul meon na ndaoine sin a athrú.

    B’fhearr liom féin mura mbeadh eaglais ar bith in údaras in eagrais a bhaineann leis an stát - scoil, ospidéal, seirbhís phoiblí ar bith atá ag brath ar airgead an stáit – ach tá siad fite fuaite lena chéile le blianta, rud nach bhfuil daonlathach, ar bhealach, agus rud nach raibh i gcónaí sláintiúil, mar is léir ón méid atá cloiste againn le déanaí.

    Más rud go bhfuil daoine ag iarraidh bheith ina gCaitlicí, ina bProtastúnaigh, ina Moslamaigh, ina nGiúdaigh, nó i gcíbe eaglais ar mian leo, tá an ceart sin acu. Níl an rogha sin ag aon pháiste, mar go bhfuil siad faoi chúram a dtuismitheoirí, agus tugtar Caitliceach, Protastúnach, Moslamach, Giúdach srl., orthu de thoradh sin - rogha a dtuismitheoirí a chuir na teidil sin orthu.

    Nach mbaintear a gcearta daoibh go hiomlán nuair nach bhfuil an stát glanscartha ón eaglais, le go mbeidh an stát in ann a chuid oibre a dhéanamh i gcothú na bpáistí, gan bheith faoi chomaoin ag údarás aon reiligiún, ná faoina gcumhacht, mar a tharla san am a caitheadh sa tír seo, agus atá ag tarlú fós i dtíortha ar fud na cruinne?

    An méid sin ráite, féach mar a chaith an stát seo le Tracey Fay bhocht…

    ReplyDelete
  7. Feictear dom go bhfuil sé de nós ag an cine daonna a bheith sásta uaireanta gan aird ró-ghéar a thabhairt ar chúrsaí éigin le linn dóibh a bheith ar siúl ar eagla go dtiocfaidís salach ar dhream nach n-oirfeadh dóibh an aird chéanna a bheith ag an duine ar na cúrsaí céanna agus a mbeadh ar a gcumas acu an duine sin a chur faoi bhrú - nó rud níos measa ná sin a dhéanamh dó.

    Bhí a fhios ag an pobal nár champaí saoire iad Leitir Fraic agus a leithéid agus go gcaití go cruaidh leis na buachaillí a bhíodh sna hionaid sin. Ach ar an taobh eile de bhí an pobal sásta go leor nach raibh cead a gcinn ag na "buachaillí docheansaithe" céanna agus iad amuigh i measc an phobail.

    Agus bhí a fhios ag na daltaí a bhí ag freastal ar scoileanna de chuid na mBráithe Críostaí gurbh fhearr don dalta cuid de na bráithre a sheachaint - cé go raibh meas ag na daltaí ar roinnt de na bráithre agus an meas céanna thar a bheith tuillte acu.

    Ní dóigh liom, áfach, go raibh aon chur amach ag an gnáthphobal ar an duibheagán diabhalta a bhí faoi cheilt ag an eaglais in Éirinn faoi dhromchla bréagach na ró-chráifeachta.

    Ní raibh de shamhlaíocht, fiú amháin, ag mórchuid an pobal gurbh ann don saghas éignithe gasúr a bhíodh ar siúl ag na sagairt agus na bráithre agus iad ag an am céanna ag cur píonóis géir ar dhalta a mbeadh, mar shampla, grianghraf de bhean gan mórán éadaí uirthi (abraimís!) ina sheilbh aige.

    Tá a creidiúnacht caillte, dar liomsa, ag an eaglais de bharr cuid mhór acu a bheith ag tabhairt cúltaca do na coireanna uafásacha siúd. Cuireann sé masmas orm a bheith ag féachaint ar na boic mhóra agus an cur i gcéill a bhíonn ar siúl acu faoi láthair.

    ReplyDelete
  8. ...ag mórchuid an phobail...

    ...dár ndóigh.

    ReplyDelete
  9. Nuair a d’éiríodh mo mháthair féin dubh dóite de mhí-iompar a clainne, níorbh annamh dí a rá
    “Keep this up and you’ll end up in Artane, and then you’ll be sorry.”
    Agus chuala m’athair, tráth, ag bagairt ar dheartháir liom a bhí tar éis dul thar fóir, thar fóir
    “Leitir Fraic, sin is sprioc duit, a mhic.”

    ReplyDelete
  10. Daingean a bhíodh in ndán domsa, dar le mo máthair...

    ReplyDelete
  11. 'Ní raibh de shamhlaíocht, fiú amháin, ag mórchuid an phobail gurbh ann don saghas éignithe gasúr a bhíodh ar siúl ag na sagairt agus na bráithre' - creidim féin go bhfuil an ceart ansin agat, a Ormondo, agus tuigim do chás maidir leis an 'masmas'.

    An t-aon bagairt amháin atá i mo chuimhne féin, a SheáinO, más féidir bagairt a thabhairt air, dá mbeinn ag gearán faoi rud ar bith i m'óige, déarfaí liom go raibh an t-ádh liom nach raibh mé chomh ocrach bocht leis na 'black babies'.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.