Seo chugaibh na blaganna atá ainmnithe don 'Use of the Irish Language in a Blog' i mbliana, agus tá na hainmniúcháin uile eile le feiceáil anseo.
» iGaeilge
» An Druma Mór
» Irish Word A Day
» Smaointe Fánacha Aonghusa
» Nótaí Imill
» Réabhlag
» The Spanish Exposition
» Talk Irish
» Dialann Scott
Maith sibh uile, agus fáilte roimh Réamonn chuig earnáil na blagála!
.
‘Péint, Cúpla Focal agus Ól’ le Tuathan Mac Eachaidh
13 hours ago


Comhghairdeas do na blaganna Gaeilge, bheadh an duais tuillte acu go léir. Ach.... "Talk Irish" "The Spanish Exposition" "Irish Word A Day"!
ReplyDeleteNí blaganna Gaeilge iad. Nó ní bhaineann ceann acu úsáid as an nGaeilge fiú....
Réabhlag - sin ceann suimiúil nach raibh a fhios agam faoi. An mbíonn sé ar googlereader?
ReplyDeleteAch Talk Irish? suíomh ana-mhaith ach ní dóigh liom gur féidir Blag a thabhairt air.
Is ábhar áthais dom go bhfuil mo "shean"-chomhghleacaithe ó daltaí.com (Smaointe Fánacha Aonghusa agus Nótaí Imill) ainmnithe - mar tá sé tuillte acu.
ReplyDeleteIs amhlaidh go mbeidh sórt buan-ainmiúcháin tuillte ag iGaeilge agus An Druma Mór de bharr iad a bheith ag freastal ar an bpobal mór. B'fhéidir go mbeidh níos mó ná catagóir amháin ag teastáil i réimse na Gaelainne amach anseo.
Pé scéal é, ní hionann mo ghearrliosta agus an liosta thuas - agus mé ag scimeáil ar an idirlíon.
Is ceadmhach duit tátal a bhaint as an méid sin! :-)
‘Sé mo thuiscint, ó shuíomh an Irish Blog Awards gur ‘raw nominations list’ atá ann, agus go bhfuil a fhios acu ‘that some blogs in categories do not fit the category but this is what the general public has submitted.’
ReplyDeleteIs dóigh liom, agus an bhreith dheiridh á dhéanamh acu, go dtabharfaidh siad faoi deara go bhfuil blag nó dhó go m’fhéidir nach blag é, go baileach, ach go mbaineann sé le catagóir eile!
Mar a dúirt siad, ‘this is what the general public has submitted'...:-)