Wednesday, March 3, 2010

Irish Blog Awards

Seo chugaibh na blaganna atá ainmnithe don 'Use of the Irish Language in a Blog' i mbliana, agus tá na hainmniúcháin uile eile le feiceáil anseo.

» iGaeilge
» An Druma Mór
» Irish Word A Day
» Smaointe Fánacha Aonghusa
» Nótaí Imill
» Réabhlag
» The Spanish Exposition
» Talk Irish
» Dialann Scott

Maith sibh uile, agus fáilte roimh Réamonn chuig earnáil na blagála!
.

4 comments:

  1. Comhghairdeas do na blaganna Gaeilge, bheadh an duais tuillte acu go léir. Ach.... "Talk Irish" "The Spanish Exposition" "Irish Word A Day"!
    Ní blaganna Gaeilge iad. Nó ní bhaineann ceann acu úsáid as an nGaeilge fiú....

    ReplyDelete
  2. Réabhlag - sin ceann suimiúil nach raibh a fhios agam faoi. An mbíonn sé ar googlereader?

    Ach Talk Irish? suíomh ana-mhaith ach ní dóigh liom gur féidir Blag a thabhairt air.

    ReplyDelete
  3. Is ábhar áthais dom go bhfuil mo "shean"-chomhghleacaithe ó daltaí.com (Smaointe Fánacha Aonghusa agus Nótaí Imill) ainmnithe - mar tá sé tuillte acu.

    Is amhlaidh go mbeidh sórt buan-ainmiúcháin tuillte ag iGaeilge agus An Druma Mór de bharr iad a bheith ag freastal ar an bpobal mór. B'fhéidir go mbeidh níos mó ná catagóir amháin ag teastáil i réimse na Gaelainne amach anseo.

    Pé scéal é, ní hionann mo ghearrliosta agus an liosta thuas - agus mé ag scimeáil ar an idirlíon.

    Is ceadmhach duit tátal a bhaint as an méid sin! :-)

    ReplyDelete
  4. ‘Sé mo thuiscint, ó shuíomh an Irish Blog Awards gur ‘raw nominations list’ atá ann, agus go bhfuil a fhios acu ‘that some blogs in categories do not fit the category but this is what the general public has submitted.’

    Is dóigh liom, agus an bhreith dheiridh á dhéanamh acu, go dtabharfaidh siad faoi deara go bhfuil blag nó dhó go m’fhéidir nach blag é, go baileach, ach go mbaineann sé le catagóir eile!

    Mar a dúirt siad, ‘this is what the general public has submitted'...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.