Tuesday, March 2, 2010

Please Sir, I want some more...

An bhfuil a fhios agaibh, ach sé Oliver Twist a tháinig isteach i mo chloigeann ar maidin, nuair a chuala mé go raibh an Dr. Dennis Brennan ag lorg ‘financial help from parishioners’.

Ní bhaineann a iarratas, bíodh a fhios agaibh, le ‘sharing the blame’, más fíor. Níl ann ach go bhfuil sé ag lorg cabhrach ó lucht leanúna eaglais an pharóiste ‘to fulfil a God-given responsibility.’ Sin mo thuiscint ón méid a léigh mé, ar aon nós.

Anois, más rud go bhfuil tú sa pharóiste sin, agus más rud go dtéann tú ag an Aifreann ann go rialta, nó fiú mura dtéann tú ann ach anois is arís; agus más rud go leanann tú chuile dhlí, nó fiú cuid de dhlíthe na heaglaise sin, eaglais a chothaíonn aontumha, eaglais nach dtugann cead do mhná obair shagairt a dhéanamh; agus más rud go nglacann tú leis, gan ghearán, nár tháinig focail aiféala ó cheannaire na heaglaise sin, fós, maidir leis an drochbhail a cuireadh ar pháistí faoi chúram na heaglaise sin, bheul, nach tusa crann taca na heaglaise sin, agus cén fáth nach dtabharfá an ‘financial help’ don easpag bocht?

Radharc beag as Oliver Twist daoibh san fhíseán thíos, ó tharla gurb é a tháinig isteach i mo chloigeann ar maidin. Cá bhfuil Sigmund…


6 comments:

  1. Chuir tú i mblaosc cnó é. Bhí mé ar tí feidhm a bhaint as cor cainte a bhfuil an focal "conách" ann, ach ... is leor sin.

    ReplyDelete
  2. Shíl mé ar dtús, gan ach leathshúil caite agam ar d'abairt, gur 'conach' a bhí scríofa agat...

    ReplyDelete
  3. Feictear go minic go gcuireann an té nó an lucht atá ciontach i gcoir éigin gothaí an íospartaigh orthu féin. An amhlaidh atá sé sa chás seo?

    Cibé easpa atá ag gabháil dóibh, ní easpa dánachta atá i gceist ar aon nós!

    ReplyDelete
  4. Is léir nach ré na sagart órga é seo. Ach bheadh na cailísí adhmaid an-oiriúnach faoin am seo.

    ReplyDelete
  5. Ní chuirfeadh aon ní a déarfadh, nó a dhéanfadh, an t-eagras truaillithe seo iontas ar bith ormsa faoin am seo.

    Is olc liom go bhfuil an t-easpag seo chomh ceanndána le rud mar seo a éileamh óna phálás mór, ach bheadh sé i bhfad Éireann níos measa arís dá bhfaigheadh sé cúiteamh substaintiúil ón phobal.

    ReplyDelete
  6. An cuimhin leat focail Wee Willie, a Ormondo - 'I'm a victim too!'

    Tá daoine ann a thabharfaidh airgead don eaglais nuair a iarrtar orthu é, mar a rinne riamh, a Dhubhaltaigh, agus tá a fhios ag an Dr. Brennan é sin, is dóigh liom. Tá daoine eile ann a thabharfadh 'blind faith' ar a leithéid.

    'cailisí adhmaid' - focail Naomh Boniface, an ea, a Dennis?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.