Sunday, February 28, 2010

Nanny MacPhee

Tharla sé go raibh mé féin agus é féin sa seomra suite tráthnóna inné nuair a tháinig an scannán Nanny MacPhee ar an teilifís, agus bhain mé sult as, caithfear a admháil.

Daoibhse nach bhfuil ar an eolas faoin scannán seo, is scannán, ahem, do pháistí atá ann. Is scéal é faoi bhaintreach fir atá ina chónaí i dteach mór, é go domhain i bhfiacha, le seachtar clainne aige, páistí atá iontach crua ar aon fheighlí linbh a thagann isteach sa teach.

Go deimhin, bíonn deacracht ag an athair bocht na páistí a choinneáil faoi smacht, agus bíonn an fhadhb chéanna ag na feighlithe, feighlithe a thagann agus a imíonn, duine i ndiaidh duine, iad tinn tuirseach den easpa smachta sa teach.

Anois, má chuireann an scéal thuas aon drochscéal eile i gcuimhne duit, abair, scéal le teach mór, fiacha, feighlithe míchumasacha, daoine ag teacht agus ag imeacht, easpa smachta srl., tuigfidh mé do chás.

Ar aon nós, ar ais linn chuig an scannán. Is buime í Nanny MacPhee, bean nach bhfuil ag obair le haon ghníomhaireacht, ach atá ag obair leis an Rialtas, dar léi féin. Nuair a shroicheann sí an teach mór, le smacht a chur ar an teaghlach, is léir dúinn, ar an bpointe boise, nach, ahem, bean dhathúil í, an créatúr.

Tá srón mhór mhillteach uirthi, le fiacail mhór mhillteach amháin ag gobadh amach as a béal, agus dhá fhaithne mhóra ar a haghaidh. Ní hé go bhfuilim ag maíomh go mba chóir go gcuirfeadh sise aon duine ar leith i gcuimhne daoibh, a léitheoirí, ach caithfidh mé an tuarascáil sin a thabhairt uirthi, le go dtuigfidh sibh an modh oibre a bhaineann lena post.

An rud a tharlaíonn, an dtuigeann sibh, ná go n-athraíonn a haghaidh de réir mar a éiríonn léi jab maith a dhéanamh, sé sin le rá, gach uair a éiríonn léi sprioc a bhaint amach sa teach, imíonn an tsrón mhór, imíonn an fhiacail mhór, imíonn na faithní, ceann i ndiaidh a chéile, go dtí go bhfágtar duine dathúil os ár gcomhair.

Agus sé an smaoineamh a rith liom féin, nach mbeadh sé suimiúil dá mbeadh muid in ann an modh oibre céanna a chur i bhfeidhm sa saol réadúil! Meas tú, an mbeadh mórán daoine sásta dhul ag obair sa teach mór ansin?
.

2 comments:

  1. Maidir le scannáin de pháistí, ar éisíodh (Brendan and) The Secret of Kells in Éirinn fós?

    ReplyDelete
  2. Tá sé le fáil ar dvd anseo, a Dennis, creidim. Ní fhaca mé é fós...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.