Friday, March 19, 2010

Me-thuiscint! Idir...

Idir shúgradh agus dáiríre, táim idir dhá stól. Tá idir bhuachaillí agus chailíní ag aontú liom, cé go bhfuil coimhlint ann idir buachaillí agus cailíní mar gheall ar an argóint idir Seán agus Máire, ar a bhfuil cónaí orthu idir Gaillimh agus Corcaigh, nó áit éigin idir Éire agus an Fhrainc, nó b’fhéidir áit éigin idir Éirinn agus an Bhreatain. Deacair a rá.

Tá idir chléir agus tuath sa teach leo, agus tá idir bheag agus mhór ann, cé nach n-aithneoinn aon duine acu, idir fhuil agus chlábar. Tá idir ghol agus gháire idir mhná, go háirithe eatarthu siúd atá idir dáil agus pósadh, gan trácht ar na páistí atá idir breith agus baisteadh, mar gur rugadh iad idir meán oíche agus maidin, lá amháin idir an samhradh agus an Nollaig, am ina raibh na dochtúirí uile idir dhá chomhairle ar mór idir pingin agus punt idir chathracha na tíre.

Idir chorp agus anam, agus idir mé féin agus tú féin, nílim cinnte an bhfuil idir chaighdeán agus dúchas sa méid atá idir lámha agam, ach go gcreidim go bhfuil ceangal gramadaí idir an t-alt agus an fhaisnéis ó am go chéile, agus cé go mbíonn rogha ann idir an fáistineach agus an foshuiteach, mar shampla, níor mhaith liom teacht idir dhaoine, cé go gceapaim go bhfuil coimhlint idir dúchas agus caighdeán, agus ó tharla mé idir eatarthu, tá idir shean agus óg ag troid liom.

Idir an dá linn, bím faiteach idir dhaoine, agus b’fhéidir nach bhfuilim beannaithe idir mhná, ach idir gach uile rud, agus idir mise agus tusa, is ábhar é a bhíonn idir chamán go rialta, agus caithfear an fhírinne a roinnt idir an péire acu, idir amanna, cé gur mór idir caighdeán agus dúchas, shílfeá.

Do bharúil?
.

5 comments:

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.