Monday, March 8, 2010

Crystal Swing

go leor cainte faoin ngrúpa ceoil, Crystal Swing, na laethanta seo.

Seo thíos físeán uatha, físeán nár tugadh mórán airde air mí ó shin, gan ach 600 amas ar youtube an t-am sin, ach le beagnach 200,000 amas air le mí anuas.

Ellen DeGeneres ag twitteráil fúthu, deirtear, agus beidh siad le feiceáil ar an Late Late an Aoine seo chugainn, más fíor.

Ó tharla go dtugaim an nuacht is tábhachtaí, ahem, chugaibh chomh minic agus is féidir liom, ná bíodh sé le rá agaibh nach raibh sibh ar an eolas faoin scéal seo.



.

4 comments:

  1. Agus beidh siad i gcomórtas le Siobhán Ní Choileán ar an Déanach Déanach Seó!

    (An bhfuil ardaitheoir sa stiúideó?)

    ReplyDelete
  2. Chaill mé mo ghairm.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.