Sunday, March 7, 2010

Is Duitse É!

'Sí Niamh Kavanagh a roghnaíodh sa chomórtas náisiúnta amhránaíochta, Eurosong, a craoladh ar an Late Late Dé hAoine seo caite, agus rachaidh sí, thar ceann na hÉireann, ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile den Eurovision Song Contest ar an 27 Bealtaine, leis an amhrán 'It's For You'.

Thaitin an t-amhrán seo liom, ón gcéad uair a chuala mé é, agus níor chuir sé ionadh orm gur éirigh leis ar an Aoine, seachas aon amhrán eile a bhí sa chomórtas, an dtuigeann sibh.

Ar ndóigh, bhí fear as Gaillimh, Niall Mooney, páirteach i scríobh an amhráin - 'nuff said! Ahem. An bhfuil sé sách maith le dul go bun an angair? Beidh le feiceáil...



.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.