Thursday, March 25, 2010

Ar Mhuin na Muice Mímhacánta

Bhí an t-ádh leis an nGarraíodóir inniu, mar bhuaigh sé duais airgid ón International Lotto Commission, duais ar fiú €915,810.00 í! Tá muid saibhir! Wú Húúúúúúúúú

Sea.

Ar ndóigh, bhí a fhios againn, ar an bpointe boise, gur camscéim a bhí sa litir a tháinig tríd an bpost ar maidin, chomh luath agus a chonaiceamar an seoladh ar an gclúdach litreach. Bhí an seoladh air díreach mar an gcéanna leis an seoladh a bhí ar an gceann seo a tháinig an mhí seo caite, foinse seoltaí de shaghas éigin ar fáil dóibh, is cosúil.

Maidir leis an litir féin, litir dála na litreach atá luaite anseo, bhí an chuma uirthi go raibh an dúch sa phrintéir beagnach ídithe, agus bhí sé deacair an dea-scéal bréagach a léamh, cé go raibh na focail ‘AWARD NOTIFICATION’ breá soiléir.

Bhí an dara leathanach breá soiléir, freisin, an ‘CLAIM PROCESSING FORM’, agus duine ar bith a mbeadh sé de mhí-ádh air an fhoirm sin a líonadh isteach, a chuid sonraí pearsanta a roinnt, agus iad a sheoladh ar ais chuig an seoladh luaite, ní dóigh liom go bhfeicfeadh sé pingin rua, ach, seans, go gcaillfeadh sé pingin nó dhó.

Tháinig mé ar an suíomh seo ar maidin, agus cheapfainn gur fiú súil a chaitheamh ar an leathanach seo, le tuiscint a fháil ar mhodh oibre na scéiméirí seo, agus ar an leathanach seo, go bhfeicfidh sibh liosta na ‘legitimate lotteries’, dar leo.

Bígí ar bhur n-aire, a léitheoirí.
.

5 comments:

  1. Cúpla ceann acu faighte agamsa le bliain nó dhó anuas fosta, a Áine.
    Thug mé chuig na gardaí ceann amháin acu - thuig mé féin gur scam a bhí ann, ach dar liom, b'fhéidir go mbeadh seanduine nó duine ar an ghannchuid gan dóchas a chreidfeadh ann.
    Ní raibh mórán suim ag na gardaí sa scéal. Mhol siad domh gan sonraí bainc a chur chucu, agus sin a raibh de.
    An chéad uair eile, rachaidh mé chuig Highland Radio!

    ReplyDelete
  2. Agus an ceart agat, a Phroinsias!

    Scríobh mé faoin litir ar an mblag ar mhaithe le léitheoirí a chur ar an eolas faoin gcineál cleasaíochta atá ag dul ar aghaidh, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine a chreidfeadh a leithéid de litir, dá bhfaighidís ceann acu.

    Chuirfeadh sé iontas ort na daoine a chreidfeadh litir mar seo, agus ní gá gur seanduine, ná duine ar an ngannchuid iad, ach an oiread. Is minic nach n-aithníonn an duine macánta an rud mimhacánta, faraor.

    ReplyDelete
  3. Nuair a léigh mé an chéad líne, cheap mé, i ndáiríre gur bhuaigh sibh an lottó!!!
    Bhí mo bhéal ar oscailt le hiontas...
    :) D'oh

    ReplyDelete
  4. Dá mbeadh sé fíor, a Dhubhaltaigh, bheadh mo bhéal féin oscailte le hiontas!

    ReplyDelete
  5. Fuair mise ríomhphost i nGaeilge google-
    An bhfuil tú i gá iasachtaí príobháideacha nó gnó chun críocha
    éagsúla? Ansin, teagmháil a dhéanamh lenár gcustaiméirí
    seirbhís trí (ezekomamelloaninvestment@gmail.com).
    Is féidir linn a bheith le cúnamh a thabhairt duit.

    Mar sin féin, cuireann Ár modh tú an deis chun staid an méid na hiasachta
    gá agus freisin an tréimhse is féidir leat deis a thabhairt chun
    críche a aisíoc iasachta
    le ráta úis de 3%. Tugann sé seo leat deis fíor a fháil na cistí
    de dhíth ort. Ba chóir d'iarratasóirí a chomhlánú na sonraí thíos:

    FOIRM IARRATAIS
    Ainm Iomlán:
    Iasacht Méid:
    Iasacht Fad:
    Gairm:
    Seoladh / Tír:
    Teagmháil Fón:

    Fanacht Do Freagra
    Dea-mhéin
    An tUasal Wilson

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.