Tuesday, February 23, 2010

Eugene Lambert

Chuala mé ar an nuacht ar maidin go bhfuair Eugene Lambert, bunaitheoir an Lambert Puppet Theatre, bás.

Tógadh mise, blianta fada ó shin, i gceantar tuaithe, áit nach raibh againn ach an cainéal amháin teilifíse ar feadh blianta, sé sin R.T.É, agus ní raibh rogha againn, fiú, idir R.T.É a haon ná R.T.É a dó, gan trácht ar chor ar bith ag TG4, nuair a tháinig an clár teilifíse, Wanderly Wagon isteach sa teach chugainn sna seascaidí.

Daoibhse a tógadh i gceantair ilchainéalacha, b’fhéidir nach mbeidh tuiscint agaibh ar an tábhacht a bhain le Eugene Lambert i mo shaol, agus mé ag fás aníos. Thug sé Rory, O’Brien, Godmother, Judge, Foxy, Fortycoats, Mr. Crow, Sneaky the Snake, Doctor Astro agus Maeve the Witch isteach i mo shamhlaíocht, carachtair a chuir áthas, frustrachas, olc agus aoibhneas orm; ag brath ar shnáithe an scéil, an dtuigeann sibh.

Cloisim fós glór m’athar, agus é ina sheasamh ag doras an tí, muidne taobh amuigh ag spraoi sa gharraí, agus é ag scairteadh ‘Wanderly Wagon’ orainn, le muid a chur ar an eolas go raibh an clár ag tosú, agus shuífeadh sé linn, go minic, ag breáthnú ar an gclár.

B'fhear é m'athair a chuir go mór leis an draíocht a chuir Eugene Lambert os ár gcomhair, mar bhíodh go leor ceisteanna le freagairt aige i ndiaidh an chláir; ceisteanna soineanta ó pháistí a fuair freagraí iontacha óna n-athair, freagraí a bhí chomh cruthaitheach leis an bhfear a chruthaigh an clár, Wanderly Wagon.

Cibé áit ina bhfuil an bheirt acu anois, tá súil agam go bhfuil orthusan an t-aoibhneas croí atá ormsa, gach uair a smaoiním ar an méid a chuir siad le mo shaol féin.
.

4 comments:

  1. Smaointe álainn faoi fear iontach. Bhí mise ag cur síos ar an nuacht céanna ar mo bhlog http://anseoisansiud.blogspot.com/

    ReplyDelete
  2. Fáilte chuig earnáil na blagála, a Ghearóid!

    Tá tú liostaithe agam anois...:-)

    ReplyDelete
  3. Tógadh i gceantar aonchainéalach le Wanderly Wagon agus Fortycoats mé féin.

    Ba dheacair don aos óg an méid sin a shamhlú sa lá inniu!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.