Thursday, February 25, 2010

An Bhfuil Ceann Agat?

Tharla sé go raibh an Colm and Jim-Jim Breakfast Show ar siúl nuair a chas me an raidió air ar maidin. Ní clár é lena n-éistim go hiondúil, ach éistim le Gerry Ryan, agus é ag scagadh nuacht na bpáipéar ag a naoi a chlog chuile mhaidin, agus bhí mé ag fanacht leis-sean nuair a chuala mé iadsan.

Cibé scéal é, bhí ábhar faoi chaibidil acu a chuir bás m’athar i gcuimhne dom. Cé nach raibh baint ar bith ag an ábhar le bás m’athar, bhain an t-ábhar leis an bpíosa airgead reatha 20p, píosa d’airgead a tháinig ar an saol an bhliain chéanna a bhásaigh m’athair, 1986. Bhuel, sin mar a cheap mé, ar aon nós. Is cuimhin liom, ar theacht abhaile dom ón tsochraid i Meiriceá, sóinseáil a fháil in Aerfort na Sionainne, agus píosa 20p ann, rud nach bhfaca mé riamh cheana.

Ach, is cosúil, ón méid a chuala mé ón mbean a bhí ar chlár Choilm agus Jim-Jim ar maidin, go raibh ‘trial production’ ann i 1985, go bhfuil cuid acu fós áit éigin, iad ‘escaped’ mar atá scríofa anseo. Cibé scéal é, tá luach €10,000, nó mar sin, ar cheann acu anois, dar leis an mbean ar an gclár, a hainm Liom Ní Cuimhin.

Ó tharla mé de shíor bhur gcoinneáil ar an eolas faoi rudaí tábhachtacha, ahem, cheap mé gur mhaith libh an scéal seo a chloisteáil, freisin, ar fhaitíos ceann éalaithe i bhfolach áit éigin sa teach agaibh, i ngan fhios daoibh, an dtuigeann sibh.

An bhfuil ceann agat?
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.