Friday, February 26, 2010

Smaoineamh an Lae

Nuair a cheannaím tuáillí nua, cinn bhána a cheannaím i gcónaí, agus tá sé de nós agam an lipéad praghais, agus gach lipéad eile, a ghearradh díobh sula mbainim úsáid astu.

Ar maidin, agus mé ag gearradh na lipéid uile de thuáillí nua a cheannaigh mé inné, rith an smaoineamh liom gur dheas an rud é dá mbeimis in ann na lipéid a bhaint de dhaoine chomh héasca céanna.
.

2 comments:

  1. Cad mar gheall ar lucht na lipéidí ag teacht amach ó dhoras Pennys lena gcuid ceannachán faoi cheilt i málaí Brown Thomas?

    ReplyDelete
  2. Chuala mé go dtarlaíonn a leithéid, agus go bhfuil daoine ann a chuireann stuif as Aldi/Lidl isteach i málaí Marks and Spencers. Chuile dhuine agus a bhfírinne féin acu...:-)

    Is bean mhór Pennys mé féin, agus is as an siopa sin a tháinig na tuaillí, mar a tharlaíonn sé, agus is i málaí Pennys a tugadh abhaile iad!

    Bainimse lipéidí de chuile rud, is cuma cé as a dtagann siad, mar bíonn siad ag gobadh amach agus bíonn siad sa mbealach orm, nó sin mar a shílim, ar aon nós - meas tú bhfuilim rud beag OCD, a Mhíshásta?

    Maidir le fir/mná na málaí mórchúiseacha, ar ndóigh nach iadsan lucht cumtha na lipéad daonna...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.