Wednesday, January 27, 2010

WinGléacht agus Windows 7 - Cuid 3

A bhuí do mo Ridire, fear cumasach cuidiúil ag litríocht.com, an comhlacht ónar cheannaigh mé an dlúthdhiosca, WinGléacht, tá fáil agam ar an leagan leictreonach d’fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar mo ríomhaire nua anois.

D’éirigh le Paul theacht thart ar m’fhadhb, agus tá bealach ann anois le WinGléacht 64 bit a chur ag obair le Windows 7 agus Vista, creidim.

Tá sé, chomh fada agus is eol dom, i dteagmháil anois leis an bhForas maidir leis an bhfadhb seo, agus maidir leis an mbealach thart air, is dóigh liom, ar mhaithe libhse, a chairde.

Is comhlacht ar leith iad litríocht.com, dream a bhuaigh an Best E-Business Website i 2008, comhlacht a dhéanann iarracht sa bhreis ar mhaithe lena gcustaiméirí, feictear dom, agus is féidir WinGléacht a cheannach uatha anseo, chomh maith le 'Gach leabhar Gaeilge i gCló', más féidir é ar chor ar bith, cheapfainn.

Tá mé iontach buíoch díbh, a dhaoine uaisle litríocht.com, as an am a chaith sibh ag plé leis an bhfadhb seo ar mo shon, agus chaith sibh lá nó dhó, nó trí, ag obair uirthi ar mhaithe leis an mbean seo, agus ar mhaithe le bhur gcustaiméirí uile, táim cinnte.

Tá m’áisín agam anois ar mo ríomhaire nua, agus tá mo bhuíochas le mo Ridire, Paul, agus lena chomhghleacaí, Caitlín, as a bhfoighne liom, agus as chomh maith agus a chaith siad liom.

Nár laga Cé an duine a déarfas ‘is féidir linn’, agus go gcuirtear ruathar faoi lucht an ‘ar an drochuair’.
.

5 comments:

  1. Scéal maith. Súil agam go n-éiríonn leo "Conas" a fhoilsiú go cruinn beacht d'úsáideoirí WinGléacht.

    ReplyDelete
  2. Tá roinnt leabhar ceannaithe agam uathu agus bhíos an-shásta leo.

    ReplyDelete
  3. Cé atá taobh thiar den bhfiontar amscaí seo? Bog-earra atá as dáta chomh luath is a thagann sé ar an margadh. "Ar an drochuair" tá an deontas íoctha cheana. Ba chóir go mbeadh an foclóir le fáil ar an idirlíon ar aon nós.

    ReplyDelete
  4. Nílim eolach ar chúrsaí ríomhaireachta, ach is léir go bhfuil dul chun cinn ag baint leo an t-am ar fad, rud a fhágann nach réitíonn bogearraí/ córais nua na ríomhairí/ríomhairí nua lena chéile go minic.

    Is dócha go bhfuil sé deacair coinneáil suas leis na hathruithe uilig, mar sin tuigim an fhadhb a bhíonn ann maidir le bogearraí nach réiteoidh le córas nua, mar shampla.

    Mar sin féin, más rud go bhfuil mise in ann duine a aimsiú atá sásta cuidiú liom, díoltóir atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb, ar an bpointe, le bealach a fháil timpeall uirthi ar mhaithe le custaiméir, is dóigh liom go bhféadfadh cruthaitheoirí WinGléacht an rud céanna a dhéanamh.

    ReplyDelete
  5. De bhrí go mbíonn teicneolaíocht ag síor athrú, cuireann dreameanna gairmiúla bog earraí é sin san áireamh. Agus bíonn deighilt san earra idir an chuid athróidh, agus an chuid nach n-aithríonn. Rud a fhágann iad i riocht athrú go gasta.

    Aontaím le Mí, ámh: ba cheart FGB a bheith go hiomlán ar líne. Mhol mé é sin d'Fholús na Gaeilge in aighneacht maidir lena stráitéis óige don idirlíon. Ach....

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.