Saturday, January 30, 2010

Ainmniúcháin - Irish Blog Awards 2010

Luaigh Conchubhair linn go bhfuil na Irish Blog Awards ar bun arís, agus go bhfuil siad ag lorg ainmniúchán anois le haghaidh gradaim na bliana seo.

Dar leis ‘Is féidir ainmniúchán a thabhairt don bhlag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge le bliain anuas...’, agus tá an ceart aige, ach rith an smaoineamh liom go bhfuil níos mó ná gradam amháin i gceist, agus gur bhfiú súil a chaitheamh ar na gradam eile, le go bhfeicfear an bhfuil aon cheann eile ann a d’fheilfeadh d’ainmniúchán uainne, léitheoirí na Gaeilge, taobh amuigh den 'Best Use of the Irish Language in a Blog'.

Agus, go deimhin, tá. Caith súil ar liosta na mblagálaithe agus ar liosta 'Naisc Úsáideacha - Gaeilge' ar dheis ar an mblag seo, a chairde na Gaeilge, agus táim cinnte go bhfaighidh sibh suíomh ansin a mbeadh ainmniúchán tuillte aige do cheann de na gradam eile atá liostaithe anseo.

Dar leo ‘A blog can be nominated in any category by anyone, but the blog owner can only accept nominations in one category (with the exception of Best Blog Post) to move the blog forward into the judging rounds. To be nominated the blog has to have been actively blogging between May and December 2009.’, agus feictear domsa go bhfuil neart blaganna Gaeilge ann a d’fheilfeadh sna catagóirí éagsúla, agus nach gá dúinn cloí le ‘Best Use of the Irish Language in a Blog’ amháin.

Tá agaibh go dtí an 5 Feabhra, a léitheoirí, más mian libh ainmniúcháin a thabhairt. Go n-éirí go geal leis na hainmnithe uile!
.

2 comments:

  1. Léamh grinn agat ar an scéal nár rith liom ar chor ar bith go dtí seo - agus tá an ceart agat. Cé gur maith an rud é gur ann don chatagóir chéanna ('Best Use of the Irish Language in a Blog') níor chóir di a bheith ina geiteo don Ghaelainn.

    ReplyDelete
  2. Sé mo thuairim go bhfuil blaganna Gaeilge ann atá sách maith le hainmniúcháin a fháil i gcuid de na catagóirí eile, a Ormondo, agus ní raibh uaim ach é sin a mheabhrú do dhaoine in am...:-)

    Ar scáth a chéile...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.