Tuesday, December 1, 2009

Macasamhail

Is cuma, ar bhealach, cén t-ábhar a bhí faoi chaibidil ag Sepp Blatter, ach bhí rud éigin faoin óráid sin uaidh nár thaitin liom, agus ní bhaineann sé leis an ábhar amháin.

Bhí sé, shílfeá, ag iarraidh ceap magaidh a dhéanamh den FAI - rud nach bhfuil gá leis, mar tá sé léite agam ó am go chéile, bíodh sé fíor nó ná bíodh, go bhfuil daoine áirithe den bharúil go bhfuil an FAI breá ábalta é sin a dhéanamh as a stuaim féin – ach ní bhaineann sé sin leis an alt seo uaim.

Creidim féin go ndearna foireann s’againne jab maith, ach tá an jab sin críochnaithe anois, an geábh seo. Fiú mura dtaitníonn an toradh liom, ár seans sa Chorn Domhanda sciobtha uainn ag an lámh in uachtar, is léir go gcaithfear cloí leis na rialacha mar atá siad, bíodh siad ceart nó mícheart. Agus sin sin, mar a deirtear.

Ach, ar ais ag an óráid sin, a léitheoirí. Cheap mé, agus níl anseo ach mo bharúil féin, go raibh rud éigin sotalach tarcaisneach magúil agus, dá bhrí sin, míghairmiúil, ag baint leis an gcaoi ar láimhseáil Sepp an t-agallamh seo, agus sin é an rud nár thaitin liom.

Ní maith liom é nuair a bhíonn duine ar bith, is cuma cén t-eagras/ eaglais/cumann/comhairle/comhlacht lena mbaineann sé, ag tagairt do rialacha, bíodh na rialacha ‘124 years old’ nó níos mó, mar a bheadh sé de cheart acu na rialacha sin a choinneáil i bhfeidhm, nó a bhrú ar a lucht leanúna, nuair is léir go bhfuil rud éigin nach bhfuil baileach féaráilte ná cothrom faoi na rialacha sin.

Agus tá sé míle uair níos measa nuair a chosnaíonn eagras/eaglais/cumann/comhlacht na rialacha sin le neamhaird shotalach tharcaisneach stálaithe.
.

2 comments:

  1. Tá Blatter cosúil le FF a phus san umar ró-fhada.Ní mór é a chur amach ar fearaibh.

    ReplyDelete
  2. Ar níos mó ná shlí amháin táimid bréan den scéal, is dócha, agus tá an rás rite ar aon nós.

    An tseachtain seo caite, áfach, bhíos ag féachaint ar chlár teilifíse ar cheann de na cainéil spóirt anseo agus chuir tráchtaire sacair seanaitheanta a bhfuil meas mór ag an pobal air in iúl go raibh sé thar a bheith míshuaimhneach ar fad faoin gcás agus bhí na tráchtairí uilig ar an gclár ar aon intinn go mba chóir an cluiche a athimirt. Ba léir go rabhadar den bharúil go raibh gá le beart éigin dá leithéid toisc amhras doshéanta a bheith ann nárbh fhéidir a chur deireadh leis gan an cluiche a imirt athuair.

    Bheinn an-amhrasach faoi cé chomh tábhachtach agus a bhí sé do Bhlatter - de réir dealraimh - ceap magaidh a dhéanamh den iarratas mí-ámharach úd ar an lá roimh an tionóil. Sórt réamhchinneadh a bhí i gceist agus é ag cinntiú nach gcuirfeadh na baill eile - na baill atá faoi shotal aige ar a laghad - ina choinne.

    Tá an sacar mór anois ar aon chéim leis an lúthchleasaíocht mhór: is féidir taitneamh a bhaint as ó thaobh an taispeántais agus an seó de ach ní mór an chuid eile a ghlacadh le gráinnín salainn.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.