Tuesday, December 1, 2009

Ag Tiomáint Linn

Céard sa diabhal atá ag dul ar aghaidh le Tiger agus Elin na laethanta seo?

Tá a fhios agam - tá an ceart agat - ní bhaineann sé linn! Mar sin féin, bíonn duine fiosrach, an dtuigeann sibh.

Bhí mé féin agus an Garraíodóir amuigh sa charr inniu, ar spin beag, mar a déarfá. Mar is iondúil linn, bhíomar ag caint faoi rud ar bith beo a tháinig isteach inár gcloigne.

I can’t get my head around that Tiger Woods crash.” arsa mé féin.

What about it?” a d’fhiafraigh sé féin.

Is fear mór gailf é an Garraíodóir, an dtuigeann sibh, agus léann sé na páipéir go rialta, mar sin bíonn eolas aige nach mbíonn agamsa, duine nach n-imríonn galf, agus duine nach léann na páipéir Bhéarla chomh minic leis-sean.

I mean,’ a d’fhreagair mé féin, ‘if you crashed into a tree outside our house, I wouldn’t grab a golf club on my way out the door, if I were in a hurry to get to you!’

But she had to bring the golf club with her.’ arsa mo dhuine.

Why?’ mo cheist chuige.

Freagra ó mo dhuine, ‘Because Tiger needed a driver…'
.

8 comments:

  1. Go hiontach!

    B'fhéidir go raibh imní ar Elin go raibh Tiger ag dul go dtí an láthair chleachta le liathróidí a bhailiú - leis an mbean eile.

    ReplyDelete
  2. Bíodh an méid atá scríofa sna meáin fíor nó ná bíodh, a Ormondo, is fearr gan gach rud a léitear a chreidiúint! Bhfuil leagan dúchasach Gaeilge ar 'pinch of salt'?

    Dennis, tá an leabhar 'Córas Fuaimeanna na Gaeilge' agam anois, agus beidh sé agam mar leabhar eolais, ina mbeidh mé ag tumadh ó am go chéile - de shíor ag foghlaim! Go raibh maith agat as é a lua liom.

    ReplyDelete
  3. Seo an píosa is fearr faoin neamhscéal úd atá feicthe agam!

    Is deacair do phósadh duine ar bith maireachtáil nuair atá an aos tablóideach mar faolchon ag iarraidh é a scrios.

    ReplyDelete
  4. Is trua liom an lánúin bhocht sin, a Aonghuis, agus a bpaistí, freisin, mar beidh an raiméis sin uile fós ar fáil agus iad ag fás aníos.

    ReplyDelete
  5. ...le gráinnín salainn, déarfainn.

    (Cum) grano salis an bunleagan Laidineach de agus de réir na wiki-foinse d'úsáidtí an gráinnín salainn tráth mar fhrithnimh. Nach oiriúnach an meafar é mar sin?

    "Mit einer Prise Salz", deirtear sa Ghearmáinis.

    ReplyDelete
  6. 'Tóg le gráinne salainn é' a fuair mé mar aistriúchán ó chainteoir dúchais inné, a Ormondo - is dócha gur as sin a tháinig an leagan Béarla...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.