Wednesday, November 25, 2009

Ní Flow Eflow

Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, nílim in ann tiomáint na laethanta seo, agus tá an Black Babe bhocht ina suí go ciúin socair brónach taobh amuigh de Cheann Scríbe le coicís anuas.

Chuir sé iontas orm, mar sin, nuair a fuair mé STR (Standard Toll Request) sa phost, ó eflow, ar maidin, é curtha i mo leith acu go ndeachaigh an Black Babe, gan cead ná cúram, agus gan pingin rua a íoc leo, trí Dhroichead Dola an M50 ag an am céanna agus a bhí mise sínte ar An Bord Snip, ag dul faoi scian.

Bhuel, amach liom ar an bpointe, an litir i mo lámh, agus labhair mé leis na mBlack Babe. Bhí sí ag caoineadh - nó b’fhéidir gur deora báistí a bhí ann - ach, cibé scéal é, bhí a fhios agam, ar an bpointe, gan focal a chloisteáil uaithi, nach raibh oiread is míle amháin tiomáinte aici ó bhí mé féin á stiúradh go deireadh.

Chuir mé glaoch ar eflow, agus bhí Amy ansin iontach deas liom. Rinne sí ‘close up’ ar an bpictiúr a bhí acu den charr-dána-nár-íoc, agus chomh luath agus a chuala mé ‘dirty numberplate’ uaithi, bhí a fhios agam nach í mo Bhlack Babe a bhí ann- ní bhíonn an carr sin salach riamh! Cibé scéal é, bhí an uimhir mhícheart faighte acu, bhí Amy iontach aiféalach, agus ghlan sí m’ainm den liosta ar a mbíonn ainmneacha na ndaoine-dána-nach-n-íocann.

Is léir go dtarlaíonn na cineálacha botún seo go rialta, mar gur tharla an rud ceannann céanna don Phluiméir, níl sé i bhfad ó shin. Fuair sé an STR, agus an carr lena raibh a ainm luaite, bhuel, bhí sí imithe ar shlí na fírinne le blianta fada roimhe. Chuir sé scairt ar eflow, agus dheimhnigh siad féin go raibh botún déanta acu, chomh luath agus a bhreathnaigh siad go géar ar an bpictiúr a bhí acu. Uimhir mhícheart arís.

Ar ndóigh, ba chuma leis an bPluiméir, mar is leaid iontach réchúiseach tuisceanach é, agus bhí sé ar tí slán agus beannacht a fhágáil leo, nuair a thosaigh an comhrá arís, rud éigin mar seo:

eflow: There is another STR on its way to you this week …
Pluiméir: What for …
eflow
: You don’t own a bus, do you…
Pluiméir: No…
eflow
: Just ignore it then…
.

2 comments:

  1. Bíonn buanna leis an teicneolaíocht ach bíonn fadhbanna freisean.

    ReplyDelete
  2. Bíonn, agus tuigim sin, a John M.

    Bíonn trua agam do na hoibrithe, daoine cosúil le hAmy dheas a labhair liomsa an lá sin, mar is iadsan a bhíonn thíos leis go minic, nuair a bhíonn an pobal crosta leo ar an bhfón, rud nach raibh mise, agus nach mbeinn, mar go dtuigim nach orthu atá an locht.

    Shílfeá go mbeadh bealach ann leis an uimhir a mheaitseáil le déantús agus dath an chairr, rud a thabharfadh le fios nach ionann carr an 'dirty numberplate' agus mo charrsa, mar shampla?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.