Thursday, November 19, 2009

Na Wombles agus Women's Things

An cuimhin leat The Wombles, a léitheoir? Más cuimhin leat iad, seans go bhfuil tú chomh sean liom féin mar sin, nó gar go maith dó.

Bhí an banna ceoil The Wombles ar an bhfód nuair a bhí an Garraíodóir agus mé féin inár meán-déaga, agus bhí na hamhráin uile ar eolas againn – The Wombling Song, Remember You’re a Womble srl. Cheapamar go raibh siad iontach ag an am agus, go deimhin, is dócha go raibh siad iontach ag an am sin. Sin mar a bhíonn an saol, a léitheoirí. Bíonn a sheal féin ag chuile rud.

Nuair a chaill mé mo bhroinn agus m’ubhagáin le deireanaí, bhí a seal liom tagtha chun críche, ar bhealach. Lena linn, agus lena gcomhoibriú, bhí an t-ádh liom gur éirigh liom triúr páistí a shaolú, ach nuair a thosaigh fás de shaghas eile ag tarlú ar an mbroinn, ceann gan chontúirt, ach ceann nár chóir bheith ann, mar sin féin, ní raibh i ndán dóibh ach imeacht, ar mhaithe le mo shláinte féin.

Chuir sé iontas ar dhuine nó dhó gur labhair mé, go hoscailte agus gan náire, ar ‘women’s things’, mar a thug fear amháin air, ar chloisteáil dó, ón nGarraíodóir, go raibh mé san ospidéal. Tuigim é sin. Tá daoine ann agus ní féidir leo, nó ní theastaíonn uatha, labhairt ar a bhfadhbanna sláinte, ná ar fhadhbanna sláinte daoine eile. Tá an ceart sin acu.

Thug mé faoi deara go mbíonn sórt faitís ar dhaoine labhairt faoi ghalair agus faoi thinneas, mar a bheadh siad ag ceapadh go gcuirfeadh anáil na bhfocal luas gan leigheas faoin rud. Ach, chomh maith céanna, meabhraíonn daoine eile gur rud príobháideach atá ann, agus nár chóir labhairt ar ‘women’s things’ ná, is dócha, ar ‘men’s things’, ach an oiread. Agus tuigim sin.

Mar sin féin, táim den bharúil, macasamhail mo dheirfiúr, gur fearr i bhfad labhairt amach faoin tinneas, gan faitíos agus gan náire, le go dtuigfidh daoine an tábhacht a bhaineann le fáthmheas luath, agus le hidirghabháil luath, agus go dtuigfidh siad, freisin, gur féidir an lámh is fearr a fháil ar an bhfadhb. Chan i gcónaí, ach go minic, má éiríonn le duine dul i ngleic leis in am. Cuidíonn tacaíocht agus tuiscint, creidim féin.

Gabh mo leithscéal, a léitheoir, más rud gur chruthaigh mé aon deacracht duit agus an t-ábhar faoi chaibidil agam. Níorbh é sin mo mhian. Rinne mé iarracht rúinín beag de ghreann a chur san áit a mbíonn faitíos go minic, agus d’iarr mé tacaíocht an dearcaidh dhearfaigh, rud a fuair mé go fial, go raibh maith agaibh. Ar scáth a chéile…

Cibé scéal é, ar maidin inniu, agus ceann nó dhó de C’s na Maidine ag rith liom trí mo smaointe sa leaba, d’fhiafraigh an Garraíodóir,

What are you thinking of?’
I’m thinking of The Wombles,’ arsa mé féin.
What about them?’, a d’fhiafraigh sé, tar éis dó véarsa nó dhó de The Wombling Song a chasadh dom.
I was just thinking,’ a dúirt mé, ‘that I am a member of The Wombles + s group now’.
What group is that?’ a d’fhiafraigh an Garraíodóir.
The Wombless,’ arsa mé féin.

Sláinte, a léitheoirí, agus bainigí sult as an bpíosa staire seo.
.

6 comments:

  1. A Áine, píosa deas agus ciallmhar.Bhí mo mháthair tinn an t-am go léir nuair a bhí mé óg.Cé gur féar stuama m`athair a thug aire maith duinn agus sinn óg níor labhair sé riamh linn faoi sláinte mo mhathair.[Ní an saghas sin féar a bhí ann an dtuigeann tú}.Mar thoradh ar seo bhí faitíos igcónaí orm go gcaillfimíd ár mathair agus go dtí an lá atá inniú ann tá tionchar ar seo orm.Bíonn sé níos fearr bheith ionraic faoin sláinte igcónaí.Tá súil agam go spreagfaidh sé seo daoine dul agus fáthmheas agus idirghábhail luath a fháil, go mor mor na fír a bhionn an-leisce ortha labhairt amach faoi rudaí cosúil le fadhbanna fír cosúil le ailse próstatach.Tá áthas orm go bhfuil tú ar ais ar do sheanléim aris agus dúil sa caife agus an ríomhaire ar ais.

    ReplyDelete
  2. Tá súil agamsa, freisin, go spreagfaidh sé daoine, a John M., agus táim buíoch díot as do scéal féin a roinnt linn.

    B'fhéidir go gcuideoimid le duine éigin atá in amhras, nó atá in imní faoina sláinte, aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb, agus labhairt le duine éigin faoi, nó labhairt le dochtúir ach go háirithe.

    ReplyDelete
  3. Bean mhisniúl thú, bail ó Dhia ort!
    Agus an ceart agat maidir leis an drogall a bhíonn ar dhoaine aghaidh a thabhairt ar an ngalar.

    ReplyDelete
  4. An-phíosa, agus comhairle den scoth. Is fearr a bheith ionraic agus oscailte faoi chúrsaí sláinte más féidir ar chor ar bith. Níor thug na Wombles deoir chun mo shúile go dtí anois.

    ReplyDelete
  5. A Áine, a chara.
    Go raibh míle maith agat as ucht an méid sin. Teastaíonn níos mó daoine cosúil leat sa saol agus táimse buíoch 'bheith in ann do chuid focail misniúla a léamh ar an lá dorcha seo. Go mbeidh tú láidir, sláintiúil agus sona as seo amach, Mairéad

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agaibh! Go deimhin, táim ag aireachtáil go maith. Shiúil mé trí mhíle inniu, go deas réidh, ach rinne mé é.

    Tá m'fhuinneamh ag méadú chuile lá. Is é an trua é nach féidir liom aon obair a dhéanamh timpeall an tí. Sea.

    A Gharraídóir, cá bhfuil mo chaife? Oh, tá tú ag ní na n-urlár...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.