Monday, November 16, 2009

An Géibheann; Ag Géilleadh Agus Ag Éalú

Ní bhíonn a fhios agam, go n-éirím ar maidin, cén sórt lá a bheas ann. Ní ag caint ar aimsir atáim, cé go gcuidíonn sí liom má choinníonn sí an bháisteach ar shiúl, ach braitheann an lá go mór ar an méid fuinnimh atá agam ag an nóiméad sin a gcuirim mo chosa fúm ar maidin.

Tógaim coiscéim nó dhó i dtreo na fuinneoige, agus faoin am a shroichim an fhuinneog, bíonn a fhios agam, is cuma cén scéal a bhíonn ag an aimsir romham, an lá istigh nó an lá amuigh a bheas ann; sé sin le rá, an mbeidh orm géilleadh don easpa fuinnimh, agus fanacht i ngéibheann, nó an mbeidh mo dhóthain fuinnimh agam le go mbeidh mé in ann éalú ón teach, agus fuinneamh an dúlra a tharraingt chugam féin, rud a chuidíonn liom, go mór, mé féin a chneasú agus a láidriú.

An lá cheana, d’fhág Séamus teachtaireacht ag insint dúinn go bhfuil a bhean bhocht ar leathchois na laethanta seo, agus chuir sé an dán thíos i gcuimhne dom; dán a scríobh mé agus mé féin faoin stró céanna cúpla bliain ó shin.

Cibé scéal é, tá mé á roinnt libh inniu, ceann de na laethanta annamh sin nach féidir liom éalú ón teach, faraor, ach mé buíoch go bhfuil an méid atá luaite agam sa dá véarsa dheireanacha i Leathchois mar bheannacht i mo shaol, i gcónaí, anseo i gCeann Scríbe.


Leathchois

Maidin Lá Nollag ciúnas fós i mo theaghlach
Bhí aer úr an gheimhridh taobh amuigh do mo mhealladh
Chuir mé orm mo bhróga is d’imigh mé liom
Le láidreacht is fuinneamh i ngach coiscéim uaim

Ní raibh mé ag súil leis an tubaiste a tharla
Ach thit mé ‘s bhris mé cnámh rúitín ‘s sáile
San ospidéal a fuair mé an plaster-of-Paris
A d’fhág mé ar leathchois feadh míosa nó thairis

Ní raibh mé in ann bogadh gan cuidiú gan stiúir
Mé místuama ar chrutches, mar óltach ag siúl
Ag tógáil dhá thaobh de gach bóthar ‘s slí
Mar sin d’fhan mé sa mbaile ar tholg im shuí

Ar dtús bhí m’fhear bocht do m’fhreastal gach lá
Mo chothú, mo bheathú, mo ghléasadh go breá
Ach faoin aonú lá déag bhí sé réidh leis an aire
É spíonta ag réiteach, ag tacú, ag faire

Ansin thuig mé an dúshlán a bhí amach romham
Bheadh orm na crutches ‘s cosa a chur fúm
Is cúraim an lae a dhéanamh mé féin
Le crógacht na mban a dhéanfainn-se é

An staighre is mó a chuir tús le mo cheacht
Teastaíonn dhá chois lena dhéanamh i gceart
Mar sin suas ar mo ghlúine gach oíche a chuas
Is anuas ar mo thóin gach maidin le luas

Folcadh a thógáil, ní raibh mé in ann
Showers amháin a choinnigh mé glan
Cois amháin taobh istigh is ceann eile amuigh
Uisce ar urlár ag imeacht le sruth

Cupán tae, bhí mé in ann é a dhéanamh
An citeal a fhiuchadh, an cupán a líonadh
Ach diabhal blogam den tae a fuair mé le líochán
Mar gur dhoirt mé an lot ‘s mé ag déanamh ar shuíochán

Ach ní buaireamh amháin a bhain le mo dhán
Fuair mé aire thar cuimse ó chairde is clann
Bhí daoine ag glaoch orm ag doras, ar fón
Ni raibh mé riamh i m’aonar ar tholg an bhróin

Ar leathchois a bhí mé ar feadh píosa im shaol
Gan saoirse na folláine mar b’iondúil liom í
Ach tuigim go maith go raibh fáth le mo thriail
Athoscailt mo shúile ar áilleacht an tsaoil.
.

3 comments:

  1. Bheadh orm na crutches ‘s cosa a chur fúm
    Agus ansin dhá choiscéim chun tosaigh is ceann amháin ar gcúl! Ach tá tú ag bogadh chun tosaigh mar sin féin, nach bhfuil? Lean ort ag cur neart le do chorp, a chroí.

    ReplyDelete
  2. Táim ar fheabhas ar fad, a Dennis, agus is gearr uaim mo sheanléim!

    Níl ann ach go raibh mé tuirseach ar maidin, agus ghlac mé rudaí go réidh inniu - chuir mé na méara ag obair, seachas na cosa...:-)

    Go raibh maith agat as an mbeannacht sin uait. Tá mé ag neartú liom...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.