Saturday, November 28, 2009

Ceart á Cheilt

Más buan mo chuimhne, bhí mé sé bliana d’aois an chéad uair a thug mé é faoi deara. Ar ndóigh, b’fhéidir gur tharla sé ní ba luaithe ná sin, ach sin an chéad chuimhneamh atá agam féin ar an rud. Is léargas é a d’fhan liom ar feadh mo shaoil. Níor athraigh mé m’intinn riamh ar an ábhar. Agus, is mar sin a airím fós, bíodh mé ceart nó mícheart.

Cleachtadh don Chéad Chomaoineach a bhí ann, agus bhí mé ar mo ghlúine ag ráille na haltóra ag an séipéal i dTír an Fhia. Bhí ár rang iomlán, rang a haon, is dócha, saor ó ranganna na scoile, agus bhí na múinteoirí ár réiteach don Chéad Chomaoineach, ócáid a bhí le bheith ann go gairid ina dhiaidh sin.

Bhí an múinteoir, agus cuiditheoir, taobh istigh de na ráillí, ar thaobh na haltóra, agus bhí muidne, rang a haon, ar ár nglúine, ar an taobh eile de na ráillí. Bhí an múinteoir ag glacadh áit an tsagairt, ag dáileadh amach na bpíosaí d’abhlann, agus ag rá ‘Corp Chríost’. Bhí an cuiditheoir á leanúint leis an bpaiteana, agus á chur faoi smigeanna na bpáistí, ar fhaitíos go dtitfeadh an ‘comaoineach’ ar an urlár, de thimpiste. Rud millteanach a bheadh ann dá dtitfeadh an ‘comaoineach’, rud a chonaic mé ag tarlú geábh i séipéal Leitir Móir, agus is dráma é atá fós ar shúile m’aigne, cé nach raibh mé ach an-óg ag an am.

Cibé scéal é, bhí mise ar dhuine de na páistí deireanacha sa líne ag na ráillí ag an gcleachtadh, agus bhí mé ag coinneáil súil ghéar ar mo chomhghleacaithe, le cinntiú go ndéanfainn féin an rud ceart, an rud a bhí a dhéanamh acusan, bhí súil agam – lámha le chéile, abair ‘áiméan’ nuair a déarfadh an múinteoir ‘Corp Chríost’, cuir do chloigeann siar, dún do shúile, cuir amach do theanga, glac leis an gcomaoineach, dún do bhéal, cloigeann síos arís in ómós, coisriceann tú féin, éirigh go réidh agus go cúramach, agus siúl leat go dtí do shuíochán, cloigeann síos go hómósach.

Is cuimhin liom an fhainic a fuaireamar maidir leis an gcomaoineach a bhí anois inár mbéal – gan d’fhiacail a ligean in aice leis, sé sin le rá, ná cogain é, ar ór ná ar airgead, agus gan é a shlogadh, más buan mo chuimhne, go dtí go rabhamar ar ais sa suíochán as ar thángamar; agus é a shlogadh ansin, i gcuideachta paidre, súile dúnta arís, cloigeann síos arís, in ómós.

An faitíos a bhíodh orm féin, agus is fiorfhaitíos a bhíodh ann, ná go rachainn isteach sa suíochán mícheart ar mo bhealach ar ais - nílim iomlán cinnte nach peaca marfach a bheadh ansin freisin, dá dtarlódh a leithéid – agus is minic fonn múisce orm teann faitís go ndéanfainn é, nó go gcuirfinn m’fhiacail ar an gcomaoineach. Go sábhála cibé Cé sinn, ach ní raibh sé ceart, ar chor ar bith, an cineál sin faitís a bheith ar pháiste, ach sin mar a bhíodh, agus sin mar a d’fhulaing mise ag lámha an chreidimh a brúdh orm ag an am.

Ar aon nós, bhí mé ar mo ghlúine ag na ráillí, lá úd an chleachtaidh, agus bhí an múinteoir ag teacht níos gaire. Thosaigh an fonn múisce arís, an faitíos ag méadú i rith an ama, an faitíos go ndéanfainn botún, an faitíos go dtitfeadh an ‘comaoineach’ ar an urlár. Cé nach raibh ann ach cleachtadh, bhí mé iontach buartha, mar sin féin. Agus rith an smaoineamh liom an lá sin, gan mé ach sé bliana d’aois, ‘Níl sé seo ceart!’.

Níor athraigh m’intinn ón léargas sin ó shin. Ní raibh sé ceart an t-am sin, agus níl sé ceart fós, go gcuirfeadh aon chreideamh, ná aon sagart, an oiread sin faitís i gcroí páiste. Ach tharla sé, agus tharla rudaí i bhfad níos measa ag lámha na sagart. Chan chuile shagart, ach i bhfad barraíocht acu, mar is eol dúinn anois.

Agus, níos measa arís, bhí daoine istigh agus taobh amuigh den eaglais ar an eolas faoi, agus lig siad leis leanúint ar aghaidh, in áit amháin nó in áit eile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Agus, níos measa ná sin arís, chuidigh siad leis an gceilt, agus, dá bhrí sin, chuir siad leis an bpian, agus chuidigh siad leis na sagairt an faitíos a mhéadú i gcroíthe na bpáistí soineanta.

Ní raibh sé sin ceart.
.

11 comments:

  1. Má bhíonn for-údarásaíochas á chleachtadh ag eagraíocht éigin ba chóir a bheith ar an airdeall i leith na heagraíochta céanna mar - chomh dóchúil lena athrach - is é is cuspóir do chóras an fhor-údarásaíochais ná go gceilfear ar an bpobal an neamhréiteach idir a maítear agus a ndéantar nó a gcleachtar.

    Bhíodh an eaglais ag éileamh go gcleachtadh an pobal sórt uasgheanmnaíochta a raibh "íonacht" doshroichte mínádúrtha ag baint léí agus ag an am céanna bhíodh an eaglais chéanna ag gabháil don ghné is diabhlaí den "chollaíocht" (éigniú páistú) dá bhfuil i saol an chine daonna - agus, sa mhullach ar an méid sin, é á chleachtadh acu ar nós coirpeachta eagraithe!

    ReplyDelete
  2. A Áine, is maith is cuimhin liom na seanlaethanta sin agus an faitíos uafásach sin a bhíodh orainn mar pháistí roimh mhúinteoirí agus roimh shagairt nó éinne a mbéadh údarás de short éigint aige nó aici. Leis an fhírinne a rá b'fhir for-formhór acusan mar ní raibh mórán cumhachta ag na mná na laethanta úd.

    Fuair m'athairse bás i 1993 agus chuir sé isteach go mór orainn go raibh an méid sin faitís air roimh an fhulaingt a cheap se a raibh i ndán dó in Ifreann nó sa Phurgadóir, ach b'fhear ciúin soineanta go leor an fear céanna. D'éirigh leis an Eaglais an méid sin faitís a chuir ar an bhfear bocht go raibh sé thar a bheith buartha.

    Is scannal uafasach é atá tithe amach. Ach is í an fhírinne an dóigh is fear chun deighleáil le rudaí.

    Post brea eile uait, a Áine. GRMMA.

    ReplyDelete
  3. Má théann duine i gcoinne an rud atá nádúrtha grámhar, cothaítear an rud atá mínádúrtha, agus mealltar an duine gránna i dtreo an eagrais sin, is cuma an eaglais nó cumainn spóirt iad, mar shampla.

    An rud is suntasaí faoin méid atá ag teacht chun solais na laethanta seo ná an tacaíocht, agus cuidiú dá bharr sin, a fuair na daoine gránna sin ó údaráis na n-eagras éagsúil, rud a thug deis dóibh leanúint ar aghaidh leis an drochíde agus mí-úsáid mhillteanach a tharla do na páistí sin.

    Agus, dar le taoiseach na tíre seo, is faoin eaglais amháin socrú a dhéanamh faoi cé a ba cheart a bheith ina Easpag - údarás ag labhairt arís...

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat, a Tim, agus is fíor duit.

    Is iomaí duine álainn deas grámhar, daoine neamhchiontacha cráifeacha, a fuair bás le faitíos ina dteannta, seachas an tsíocháin a bhí tuillte acu, de thoradh an eagla sin a cothaíodh, le rialtacht agus le hurlámhas.

    Go dtuga an Cé nádúrtha grámhar sólás dóibh, cibé áit ina bhfuil siad uile, cibé áit ina bhfuill an fhírinne sin...

    ReplyDelete
  5. Bhuel, ó thaobh an teagasc Críostaí de, bainimse le ré eile.

    Aontaím le mór chuid dá bhfuil scríofa agat anseo.

    Tá dóchas agam go bhfuil ré an díriú ar eagla amháin imithe. Ach is deacair an meá cothrom a fháil idir uafás sláintiúil roimh an droch gníomh a dhéanamh - an peaca - agus eagla a fhágann an duine gan cumas gnímh. N'fheadar an bhfuil muid imithe ró fhada san treo eile mar phobail anois - "Má mhothaíonn tú go bhfuil sé ceart, tá"

    Agus maidir le ró urraim do dhrong ar bith, is feall in aghaidh creideamh agus fírinne atá ansin.

    ReplyDelete
  6. Ní dóigh liom, a Aonghuis, go bhfuil an 'imithe rófhada sa treo eile' san áireamh i ndíospóireacht a bhaineann leis an rud a tharla san am a caitheadh, cé go dtuigim go maith do cheist. Is rud é sin a bhaineann leis an aimsir láithreach, b’fhéidir, le ‘toil’ agus ‘rogha’ an duine fásta, rud nach raibh, agus nach bhfuil fós, ag páistí atá faoi chúram dhaoine fásta.

    Mar a scríobh tú, tá sé deacair an ‘meá cothrom’ a fháil, ach ní dóigh liom go mba chóir go mbeadh eagla riamh san áireamh, an cineál eagla sin a fhágann drochlorg saoil ar pháiste, lorg faoi mar atá léite againn sna tuairiscí uafásacha is déanaí.

    Sa scéal thuas uaimse, tá tráchtaireacht an pháiste ghoilliúnaigh, agus tá seans ann nár chuir na rudaí sin isteach ná amach ar pháistí eile, b’fhéidir, ach d’airigh mise eagla, mar sin féin; agus más rud gur airigh mise eagla de thoradh rud nach bhfuil a dhath chomh ‘mór le rá’, má thuigeann tú leat mé, leis na scéalta millteanacha sin atá ag teacht chugainn as na tuairiscí, ansin, go bhfóire Cé orainn, ach cén sórt eagla a d’airigh siadsan, na créatúir?

    Duine ar bith a cheapann go bhfuil an drochghníomh ceart mar go ‘mothaíonn siad go bhfuil sé ceart’, tá údaráis ann le déileáil lena leithéid. An fhadhb a bhíodh ann, san am a caitheadh, dar na tuairiscí, ná nár oibrigh na húdaráis mar ba chóir, agus mar ba cheart, ar mhaithe leis na páistí, ach ar mhaithe leis an drochghníomhaí. Is mór an peaca é sin.

    ReplyDelete
  7. Suimiúil ar fad an píosa sin ó Áine agus iarracht d’ionadh orm agus mé á léamh cionn is nach ionann scéal domsa agus dise agus mé ag ceapadh go bhfuilimse pas beag níos aosta ná í. An chéad smaoineamh a rith liom agus mé ag meá an difear eadrainn ná tionchar mo thuistí. Ní hé nach raibh siad ar aon cráifeach, ach bhí ciondáil mhaith den chiall cheannaithe acu sa mhéid gur thug siad le tuiscint dúinn, domsa agus dá mhuirir eile, go raibh Dia maiteach agus nach raibh sna sagairt, sna mná rialta agus sna Bráithre ach daoine daonna a raibh a aisteachas féin ag baint le gach duine díobh. Agus maidir le John Charles a bhí i mbarr a réim agus mise sna déaga, d’aithníodar go raibh lé leis an deachtóireacht aige agus, b’fhéidir, é beagán craiceáilte freisin. An toradh a bhí ar dhearca sin mo thuistí ná gur cothaíodh ionann easpa eagla roimh ‘údarás’ ar bith agus a fhios againn go dtiocfadh m’athair nó mo mháthair i gcabhair orainn dá n-éireodh idir sinne agus duine ar bith a bhain mí-úsáid as an údarás a bhí acu. Bhí m’athair níos cráifí ná mo mháthair ach is cuimhin liom go glé rud a deireadh sé go mion minic “Don’t confuse the message with the messenger,” rud nach ndearna riamh. Agus mé im fhreastalaí aifrinn, bhí sagart ann a bhí ag éirí beagán ’ró-chairdiúil’ liom. Luaigh mé an scéal le m’athair agus thug sé cuairt ar mo dhuine an lá dár gcionn. Agus b’in sin.

    ReplyDelete
  8. Ní mar an gcéanna a chuaigh rudaí ‘beaga’ an chreidimh i bhfeidhm ar chuile pháiste, ar ndóigh, a SheáinÓ, ach is cuimhin liom an lá sin ach go háirithe, mar go raibh mé féin ag iarraidh an rud ‘ceart’ a dhéanamh do mo Chéad Chomaoineach, agus bhí mé buartha ar fhaitíos nach ndéanfainn.

    Ní cuimhin liom aon mhúinteoir riamh do mo chur faoi bhrú, ná aon sagart ach an oiread, ach bhí an brú sin ann, an faitíos sin orm, go minic, agus mé ag iarraidh bheith i mo Chríostaí maith, an dtuigeann tú, ag iarraidh cloí leis na rialacha a tugadh dom maidir le mo chreideamh, nó cloí leo mar a thuig mise iad.

    Is iomaí scéal beag atá agam ó mo chuimhní cinn féin, a bhaineann leis an ‘eagla’ a bhíodh orm maidir le cúrsaí creidimh agus mé beag, rudaí beaga suaracha, shílfeá, ach ní raibh siad suarach domsa an t-am sin, an dtuigeann tú, cé nach gcuirfeadh siad isteach ná amach ar pháiste eile, b’fhéidir. Ní hionann iad, ar chor ar bith, agus na rudaí ‘móra’ millteanacha a tharla do pháistí na dtuairiscí sin.

    Ach d’eascair an eagla as an bhfoinse chéanna, agus bhí páistí a d’fhulaing dá bharr sin, ag leibhéil éagsúla. Bhí an t-ádh leat nach raibh tú ar dhuine de na páistí sin. Is iomaí páiste nár éirigh leo sagart a bhí ‘ró-chairdiúil’ a sheachaint.

    ReplyDelete
  9. Go raibh maith agaibh uilig as an gcomhrá seo.

    Is dócha go bhfuil an t-amhrán Spiorad Saor le Pádraigín Ní Uallacháin ar eolas agat, a Áine. Chuir an méid a scríobh tú thuas focail an amhráin seo i gcuimhne dom.

    Caithfidh mé súil a thabhairt ar bhlag Tim anois. Ní raibh a fhios agam go raibh sé ann.

    ReplyDelete
  10. Lig mé amach mo chaoineadh géar, a Dennis, agus tá mo spiorad saor anois, chomh saor leis an gceol binn síofrúil...:-)

    Bain sult as blag Tim!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.