Wednesday, October 7, 2009

Top Cat

Tógadh mise i dteach ina raibh go leor grá – do pháistí agus d’ainmhithe – agus tá a thoradh sin liom, agus le mo pháistí féin, ó shin. Ní fhaca mé cruálacht agus mé ag fás aníos, ach tá a fhios agam, faraor, go bhfuil daoine sa saol agus is cuma leo faoi dhuine ná faoi ainmhí.

Tá feachtas ar bun ag RTÉ i láthair na huaire, i gcomhar le Pedigree agus le Whiskas, do Sheachtain na nAinmhithe Domhanda, le tacaíocht a thabhairt do na Cumainn éagsúla um Fhóirithint ar Ainmhithe in Éirinn.

Má chaitear vóta don ‘Top Cat’ anseo, cuirfidh Pedigree agus Whiskas béile ar fáil d’ainmhí bocht éigin atá faoi chúram ceann de na cumainn iontacha seo, áit éigin in Éirinn.

Más mian leat béile a chur ar fáil d’ainmhí nach bhfuil chomh hádhúil le Sióg s’againne, mar shampla, is féidir é sin a dhéanamh ach do vóta a chaitheamh anseo anois. Scaip an scéal, freisin, má bhíonn deis agat.

Maith thú, a chara na n-ainmhithe!
.

3 comments:

  1. I bhfad níos phussa ná vóta na hAoine seo caite.

    ReplyDelete
  2. Tá íde na gcat agus na madraí ag dul ar aghaidh idir na páirtithe ó aréir, shílfeá a Chailliomachais...:-)

    A Dennis, bhí mé ag dul anonn agus anall idir Kitzi and Millie mé féin, ach shocraigh mé ar Mhillie ar deireadh. Dhá bhéile cinntithe againn d'ainmhí bocht éigin, cibé toradh eile a bheidh ann...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.