Wednesday, October 7, 2009

Ochón Ó! John O.

Ní duine mise a thuigeann córas na polaitíochta go rómhaith. Is maith liom bheith eolach ar a bhfuil ag tarlú sa tír, agus bím ag iarraidh ciall a dhéanamh den chóras sin, an dtuigeann sibh. Ní jab éasca é, a léitheoirí, ach táim ag streachailt liom.

Is maith liom cluas le héisteacht a choinneáil orm féin, agus mé i mbun mo chuid streachailte . Is dóigh liom, agus mé ag éisteacht le Today with Pat Kenny ar maidin, go raibh tochas sa chluais chlé ar John OchónÓ! Donoghue, mar go raibh a ‘éirí as’ faoi chaibidil ag Pat agus a chomhluadar ar an gclár.

Anois, seo mar a thuigim, bíodh mé ceart nó mícheart. Tá John Ochón Ó! i gceannas ar an gCoimisiún atá i gceannas ar chaiteachas John Ochón Ó! Tá ball den Lucht Oibre, ar a bhfuil Eamon Gilmore i gceannas, ar an gCoimisiún freisin; mar atá baill d’Fhianna Fáil agus baill d’Fhine Gael. Níl, chomh fada agus is eol dom, aon bhall den Chomhaontas Glas, ná de Shinn Féin, páirteach sa ‘coinneáil súil ar chaiteachas’, atá in ainm agus a bheith á dhéanamh ar an gCoimisiún, ar an gCoimisiún sin. Bhfuil sibh liom fós, a léitheoirí?

Ócé! Anois, is cosúil, ceapaim, gur aontaigh lucht an Choimisiúin leis an gcaiteachas a chuir John Ochón Ó! ina láthair, fiú gur aontaigh siad costas ‘political advisor’, rud nach dteastódh, shílfeá, don té atá i bpost nach bhfuil in ainm agus a bheith polaitiúil. Ní léir domsa ar inis Pat Rabbitte, atá ar an gCoimisiún, é sin do cheannaire a pháirtí féin, Eamon Gilmore, mar sheas Eamon suas sa Dáil aréir agus dúirt sé le John Ochón Ó! ‘I felt that the pattern of extravagance was unacceptable’. Go bhfóire Cé ar Phat Rabbitte nuair a gheobhaidh Eamon greim air, más sin an cás! Bhfuil sibh liom fós, a léitheoirí?

Ócé! Dar le hEamon, rinne sé iarracht ceannairí na bpáirtithe éagsúla a thabhairt le chéile inné, ag cóisir de shaghas éigin b’fhéidir, le plé a dhéanamh ar phost neamhpholaitiúil costasach John OchónÓ! Ní bhfuair John Gormley bocht, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, cuireadh chun cóisire ó Eamon, dar le John é féin. Is cosúil go dtéann facsanna amú sa rialtas, agus ní bhfuair John Gormley bocht an cuireadh, cé go maíonn Eamon go bhfuair. Sílim. Rud éigin mar sin.

Ó tharla an córas facsanna chomh ciotach sin, is dócha, chuir John OchónÓ! a theachtaire, Brian Cowen, An Taoiseach, go pearsanta chuig John Gormley. Trí huaire a labhair Brian le John Gormley, más fíor, - to be sure, to be sure, to be sure, b’fhéidir, go raibh John Gormley i ndáiríre nuair a mhaígh sé nach mbeadh sé sásta fanacht ag an gcóisir dá mbeadh an Ceann Comhairle Costasach féin ag fanacht ann. Bhfuil sibh liom fós, a léitheoirí?

Ócé! Sé mo thuairim gur tháinig an scéal aniar aduaidh go hiomlán ar Enda Kenny bocht. Cén cóisir? Whah? Mar ar tharla sé, aontaíonn sé le hEamon, ceapaim, ach maíonn sé go gcaithfidh John OchónÓ! imeacht ón gcóisir roimh an Máirt, mar go bhfuil fothoghchán áit éigin agus níl Enda ag iarraidh go mbeadh suíochán ag John OchónÓ ag an gcóisir ansin ach an oiread. Ceapaim.

Ní raibh iomrá ar Shinn Féin, ná uatha, ó chuir Caoimhghín an cat ag spraoi leis na héin, feictear dom. B’fhéidir nach bhfuair Sinn Féin cuireadh ag aon chóisir. Nó b’fhéidir go bhfuil siad ag foghlaim ceacht éigin iad féin? Nó ag foghlaim seanfhocail cosúil le, b’fhéidir, ‘is binn béal ina thost’. Nó, b’fhéidir go bhfuil siad ag na rásaí, ag breathnú ar an gcapall atá scaoilte acu ón stábla. Deacair a rá.

Maith dom aon mhíthuiscint, a léitheoirí. Mar a dúirt mé, táim ag streachailt liom.
.

3 comments:

  1. Bhuel, bhain 'Cén cóisir? Whah?' chéad gháire na maidine asam. Ansin léigh mé cuid Phroinsias agus tháinig deora chun mo shúile. Agus caint cumasach Aonghuis ar chúrsaí creidimh... Bí ag caint ar bhlaganna. Scáthánú nádúrtha daonna tuisceanach ar an saol nach bhfaighfeá in aon áit eile.

    ReplyDelete
  2. Iontais agus uafáis an tsaoil fite i ngréasán na mblaganna...:-)

    ReplyDelete
  3. Ní raibh aon fhiúntas riamh sa choiste sin, polaiteoirí ag déanamh iniúchadh ar a gcostaisí féin,"na cimí i mbun riaracháin ar Mhuinseo"mar a dhearfá.Nár éirigh an t-aon duine neamhspleach ar an gcoiste as a phost roimh an tsamhraidh toisc ná raibh na polaiteoirí as gach páirtí toilteanach a gcostaisí a laghdiú agus a dhearbhú.Scéal casta is ea scéal Seán Ó Donnchadha. Níl aon dabht ach go raibh alán polaiteoirí ag tarraingt costaisí mhóra le linn ré an Tiogair " because there worth it"ach bhí Ó Donnchadha taréis dul thar fóir.Ar an lámh éile throid sé a chuinne ag an bórd comháireacht agus dhá oifige stáit diláirithe túgtha aige go Cathair Saidhbhín agus go Chill Áirne.Is tragóíd pearsanta don fhear féin é ach é tuilte aige.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.