Saturday, October 10, 2009

Olé! Olé! Olé!

Tá súil agam go n-éireoidh le ceannasaíocht an Chomhaontais Ghlais a gcomhchlár rialtais, mar atá sé tuairiscithe sa An Druma Mór inniu, a thabhairt chun críche.

Is é mo thuairim féin, más fiú a dhath é, nach bhfuil gá le 166 Teachta Dála, ach tá súil agam go gcuirfear tús leis an ‘iniúchadh’ go luath, le go mbeidh deis agam tuiscint níos fearr a fháil ar an bhfáth atá taobh thiar den líon sin teachtaí.

Aiféala orm, a léitheoirí, ach tá an seanrá ‘jobs for the boys’ ag dul timpeall i mo cheann i láthair na huaire, agus ní maith liom go bhfuil an ciniceas ag bláthú mar sin i mo chloigeann, ach tá fodar go leor sna páipéir le míonna anuas ag cur borradh fáis faoi mar chiniceas.

Bhí An Bhean Neamhspleách ag cluiche an Heineken Cup san RDS aréir agus, bíodh sí spíonta nó ná bíodh, beidh sí ag an gcluiche idir Éire agus an Iodáil ar ball. Mar a dúirt sí féin liom ní ba luaithe ar an bhfón ‘I’m a busy girl!’.

Tá an dóchas ag tabhairt cic sa tóin don chiniceas, agus tá ‘olé, olé, olé’ ag dul timpeall i mo chloigeann anois, gan dabht ar bith sa chloigeann céanna ach go mbeidh ‘Ól é! Ól é! Ól é!’ ann ar ball freisin, go háirithe má éiríonn leo ar Pháirc an Chrócaigh anocht.

Go n-éirí go geal leo uile!
.

2 comments:

  1. Beidh sé deachair igcoinne na hÍodalaigh ach tá súil agam go n-eireoidh leo.Tá sé deas go bhfuil an cailín neamhspléach ag chaoiméad súil ar Corn Heineken cé nach raibh an bua ag na Laidhnigh ach bhí an bua ag Gael Londan agus tá sin beaghnach ar comhchéim cé go raibh cúpla dé bunadh Samao ag imirt leis na Gael.
    Tá na Glasaigh ag iomrascáil lena pinséan agus ag cur dallamullóg orainn. Beidh comhaontú ann.

    ReplyDelete
  2. Is bean mhór 'tagrugby' í m'iníon, agus bean mhór spóirt, bail ó Ché uirthi!

    Maidir leis na Glaisigh, tá suil agam go mbeidh siad sách láidir ag clibirtí an chomhrialtais...ní dóigh liom go bhfuil siad chomh cílíonta lena gcomhghleachaithe ... ach beidh le feiceáil!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.