‘Caithfidh muid an dubh agus an gheal inár stair chasta a ghlacadh le chéile.’, a scríobh Aonghus inniu, agus aontaím leis.
Cuireann sé díomá orm cé chomh minic agus a bhuailtear sinn le slat na staire, agus 'sinn' chuile chine atá i gceist agam, ní Éireannaigh/Eorpaigh amháin, amhail is gur sinne na linne seo a bhí páirteach i bpeacaí na staire.
Cinnte, bhí uafáis ann, agus tá fós, ach nár chóir dúinn bheith ag díriú ár n-aire ar an todhchaí anois, is cuma cén cine sinn, le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís nó, ar a laghad, go mbeidh iarracht a dhéanamh againn, le chéile, deireadh a chur le huafáis leanúnacha an tsaoil?
Ní dhéanfaidh, i mo thuairim, aon chine dearmad ar a stair, ach nárbh fhearr ceacht a fhoghlaim uaithi, agus síocháin de shaghas éigin a fháil uaithi, le chéile, seachas bheith de shíor ag tagairt di le nimh sa chaint, agus le nimh san fheoil?
.
Ciorcal Comhrá Ionad Uíbh Eachach ar turas
15 hours ago
No comments:
Post a Comment