Friday, October 30, 2009

Comhbhlagálaithe

Táim scriosta! Bhí mé ag an Oireachtas ó mhaidin, agus nílim ach sa bhaile anois.

Buaicphointe an lae dom? Bualadh le Proinsias agus Tadhg – faoi dheireadh! Tá siad cosúil lena gcosúlacht, a léitheoirí, agus d'aithin mé iad ar an bpointe, cé gur dóigh liom nár aithin siadsan mise, go dtí gur chuir mé mé féin in aithne dóibh.

Lá eile romham amárach, lán le Gaeilge, gleo, gliondar agus gáire. Diabhal locht agam ar an saol anocht, a léitheoirí, mar casadh go leor daoine orm inniu nach bhfaca mé le fada, agus cuireadh daoine nua ar m’aithne.

Agus, den chéad uair riamh, tháinig duine i mo threo agus dúirt ‘Nach tú Áine … léim do bhlag.’ Anois, nach deas sin? Agus, dar leis, baineann sé sult as. Go raibh maith agat, a Phádraic!

Tá sé in am dom sos a ghlacadh anois, agus mé féin a chur in aithne do mo leaba arís. Beidh mé ar ais, go luath.
.

4 comments:

  1. Bain sult as an gcéad lá eile! Agus abair le Tadhg go bhfuil sé ag déanamh faillí ina bhlag!!
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Díreach i ndiaidh teacht abhaile (3.45). Shocraigh mé ar oíche luath a bheith agam chun go mbeinn in ann don lá amárach! :-)
    Bhí sé iontach tú a fheiceáil inniu, a Áine, agus ba dheas duit teacht chuig an seoladh leabhair.
    Do dhálta féin, casadh triúr orm inniu a dúirt liom go mbíonn siad ag léamh an bhlaig - ní raibh fhios agam, mar ní fhágann siad teachtaireachtaí.
    Súil agam tú a fheiceáil amárach!

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.