Thursday, October 29, 2009

Poll sa Teach

D’imigh mé liom ón teach tráthnóna, luath go leor le go mbeinn i Leitir Ceanainn in am don Chomórtas Lúibíní a fheiceáil ag an Oireachtas ann. Bhí na Lúibíní ar siúl in Óstán an Mount Errigal ag a 5 i.n., agus bhí mé ann in am, mar is iondúil liom. Duine iontach poncúil atá ionam, an dtuigeann sibh.

Ach, casadh an oiread sin daoine orm ó shiúil mé isteach doras an óstáin, agus idir na beannaithe agus na barróga, níor éirigh liom ach leath de na lúibíní a chloisteáil. Is cuma. Bhí an méid a chonaic mé iontach ar fad, idir lúibíní agus daoine.

Bhí orm imeacht liom díreach tar éis na lúibíní, mar go bhfuilim ag freastal ar cheardlann scríbhneoireachta ar an Déardaoin i Leitir Ceanainn, mar is eol do mo léitheoirí rialta, agus bhí mé ag an gceardlann sin ar feadh dhá uair an chloig.

Bhí mé sa bhaile luath go leor, agus ba léir go raibh an Garraíodóir uaigneach i m’uireasa, mar fuair mé barróg mhór uaidh agus mé ag siúl isteach an doras.

‘Did you have a good day?’ a d’fhiafraigh sé.

‘I did,' arsa mise, 'and I went straight to the writer’s workshop after the Oireachtas.’

‘Where’s the Orifice?’ a d’fhiafraigh sé.

Caithfidh mé Gaeilge a mhúineadh don fhear sin…
.

5 comments:

  1. An bhfuil tú cinnte nach é Pole atá sa teach agat, seachas Éireannach?

    ReplyDelete
  2. Tuigeann mo dhuine neart Gaeilge, a Dennis, ach ag magadh fúm a bhíonn sé, an chuid is mó den am, ceapaim...:-)

    Ar mo bhealach go dtí an Orifice arís ar maidin. Tá sé ag stealladh báistí anseo. Scáth fearthainne ar bharr an liosta agam ...

    ReplyDelete
  3. An bhfuil baint ag Folús na Gaeilge leis an Orifice? -;)

    ReplyDelete
  4. A Mhise Áine, maith dom m`aineolas ach cad é an béarla ar Lúibíní.?

    ReplyDelete
  5. Dar le WinGléacht, is 'ditty' atá ann, a John M., agus is sórt agallamh beirte atá ann, ach beirt ag casadh/ceol na bhfocal lena chéile, seachas iad a rá lena chéile, má thuigeann tú leat mé.

    Agus, a Ormondo, creidim go bhfuil an-bhaint acu leis...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.