Wednesday, October 28, 2009

Ag Teacht agus ag Imeacht

Ná fiafraigh díom céard a choinnigh ón mblag mé ón Aoine, ach níor éirigh liom deis a fháil bualadh isteach chugaibh arís go dtí inniu, cé gur éirigh liom na blaganna eile a léamh, ó am go chéile.

Deas an rud Míshásta a fheiceáil ag scríobh arís. D’airigh mé uaim a mhíshástacht, ach is léir, ar chuma ar bith, nár chaill sé í.

clár an Oireachtais íoslódáilte agam. Beidh mé, má fhágtar mo shláinte agam, ag freastal ar sheoladh leabhair Phroinsias ar an Aoine, agus mé ag súil go mór le casadh le mo chomhbhlagálaí don chéad uair, agus le haon chomhbhlagálaí eile a bheas ann. Cuirigí sibh féin in aithne dom, má aithníonn sibh ann mé.

Ó tharla é molta go hard na spéire ag Aonghus, beidh mé ag breathnú ar Chompántas Drámaíochta Salamandar, le Darach Mac Con Iomaire mar stiúrthóir acu, ag cur an dráma nua le Darach Ó Scolaí, An tSeanbhróg, i láthair san Ionad Cultúir Réigiúnach i Leitir Ceanainn, ar an Aoine freisin.

Beidh mé ag friotáil thart ar Leitir Ceanainn amárach, Déardaoin, chomh maith céanna, mar go bhfuil cúpla rud eile ar chlár an Oireachtais atá mo mhealladh.

Ag caint ar mhealladh, seans go mbeidh mé ann ar an Satharn freisin, mar chuala mé go mbeidh Seáinín Smaoiseach ann an lá sin, agus níor mhaith liom gan bualadh leis. Tá sé iontach dathúil, an dtuigeann sibh, agus is dóigh liom go mbeidh orm na mná eile a bhrú as mo bhealach chuige.

Ah bhuel, tá smideadh ann a dhéanann bean óg den tseanbhean, deirtear…
.

4 comments:

  1. Bhí ticéid agam don Seanbhróg anocht, arís ar mholadh Aonghusa. Ar an drochuair, bhí na páistí mí-shocair agus ní bhfuair mé an seans é a fheiceáil.
    Caithfidh mé iarracht a dhéanamh idir seo agus an Satharn!

    ReplyDelete
  2. Seáinín SmaoiseachCéard a thugann a mháthair air?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.