Sunday, September 27, 2009

An Pota Amhrais

Táim ag éisteacht agus ag léamh liom faoi Chonradh Liospóin le roinnt seachtainí anuas. Tá mé fós ag iarraidh ciall a dhéanamh den rud - chuile dhuine agus a scéal féin aige, go leor tuairimí le cloisteáil ó dhaoine éagsúla atá ag éisteacht leis na scéalta sin; iad uile suimiúil, fiú mura n-aontaím leo uilig.

Cibé scéal é, beidh orainn uile ár vóta a chaitheamh nó, ar a laghad, ba chóir dúinn ceann a chaitheamh más féidir linn ar chor ar bith, ar an Aoine seo chugainn. Tuigim go rómhaith go bhfuil daoine tinn tuirseach den rialtas mar atá sé sa tír seo i láthair na huaire, ach tá córas againn a thugann an ceart dúinn ár vóta a chaitheamh go daonlathach, rud nach bhfuil ag go leor daoine ar fud an domhain, agus níor mhaith liom mo vóta a chur amú le holcas don rialtas. Tá a áit féin ag an gConradh inár dtodhchaí, d’ainneoin an rialtas.

Ar aon nós, chuaigh mé ag siúl ar maidin agus é ar intinn agam mo chinneadh a dhéanamh ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Tá na scéalta uile cloiste agam; na tuairimí uile léite agam. Níl sé ar intinn agam na pointí éagsúla a scagadh ná a iniúchadh anseo, a léitheoirí, mar go bhfuil sibh uile cosúil liomsa, is dóigh liom, bréan den chogadh idir lucht ‘Tá’ agus lucht ‘Níl’. Tá mo bhealach féin agam le mo rogha a dhéanamh agus seo é.

Cuirim An Pota Amhrais ag fiuchadh. Isteach sa phota caithim na pointí feolmhara, ceann i ndiaidh a chéile. Cuirim salann mo smaointe isteach leis na pointí éagsúla, ceann i ndiaidh a chéile. Má thosaíonn an teas ag ardú, nó má thosaíonn an bhoilgearnach ag blub-blubbáil le pointe feola ar leith, bíonn a fhios agam ansin go bhfuil an píosa feola sin rórighin domsa, ábhar éigin ann nach réiteoidh le mo ghoile, agus go mbeidh deacracht agam é a shlogadh.

B’fhéidir nach bhfuil ciall ná réasún leis an modh oibre sin, ach oibríonn sé go hiontach domsa, agus is annamh bréag sa scéal a d’inis mo Phota Amhrais dom. Nuair nár thug mé aird ar an mblub blubbáil, is minic mé dóite ag an sceitheadh.

Maidir leis an gConradh, tá a chuid oibre déanta ag 'An Pota Amhrais' anois. Cibé fáth atá leis, tá mianach éigin i bhfeoil na bhfocal atá ag teacht ó fhormhór an luchta ‘Níl’ a ardaíonn an teas faoin bpota orm, rud beag níos mó ná mar a dhéanann mianach an luchta ‘Tá’.

Mura dtiocfaidh athrú suntasach ar an scéal idir anois agus an Aoine, beidh mé ag vótáil ar son an Chonartha mar go bhfuilim den bharúil gur bhain an tír seo leas as mianach na feola sin go dtí seo, agus ní duine mór caoireola mé.
.

2 comments:

  1. A Mhise Áine shilim go mbeidh mé ag votáil tá an iarraidh seo cé go raibh mé sa campa níl an t-am deireadh.Ní dé bharr aon aragóint fiúntach ó na polaiteoirí ach dé bharr cúrsaí geilleagrach agus mé ag ceapadh go mbeidh gá le tachaíocht ón E.U.chun sinn a tharraingt amach as a bpraiseach ina bhfuilimíd.

    ReplyDelete
  2. Cá bhfios dúinn céard atá romhainn! Beidh le feiceáil...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.