Thursday, September 17, 2009

Bailbhín an Bhéarla

Rith smaoineamh liom anocht, agus mé ag scríobh ríomhphost chuig mo chairde sa Spáinn le mo bhuíochas a chur in iúl dóibh as an am a roinn siad chomh fial sin liom féin, agus leis an Státseirbhíseach, agus muid thall leo. Mar is eol daoibh, a léitheoirí, bíonn orm mo smaointe a roinnt libh, ó am go chéile, agus seo chugaibh an ceann seo. Rámhaille eile, is dócha.

Níl Spáinnis agamsa, ach tá ag an Státseirbhíseach, rud a d’fhág go raibh sise in ann cumarsáid gan stró leis na Spáinnigh agus muid ina gcuideachta. Ach, ní mar sin a tharla. An chuid is mó den am, thiontaigh chuile dhuine ar an mBéarla le go mbeadh mise in ann iad a thuiscint. Ba mhór an náire dom é, agus cheannaigh mé ‘Spanish for Dummies’ ar an bpointe boise a shroich mé siopa leabhar i mBaile Átha Cliath ar mo bhealach abhaile.

Tá a fhios agam an méid seo, a léitheoirí, dá mbeadh mise i mo chónaí sa Spáinn, bheadh orm an Spáinnis a fhoghlaim, mar nach ligfeadh an náire dom iallach a chur ar mhuintir na háite sin a dteanga a thréigean ar mhaithe liomsa, bean an Bhéarla. An chéad uair eile a bheas mise ina gcuideachta, beidh mé ag déanamh mo dhíchill a dteanga dhúchais féin a labhairt le lucht na Spáinne.

An smaoineamh sin? Cén fáth nach mbeadh lucht an Bhéarla, a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht, in ann an Ghaeilge a fhoghlaim le nach mbeadh ar mhuintir na háite sin a dteanga dhúchais a thréigean?
.

6 comments:

  1. Sé an rud ná go mbíonn eachtrannaigh go minic ag iarraidh a léiriú go bhfuil Béarla ar a dtoil acu, agus iad beagnach ag brú Béarla ar Bhéarlóirí. Tá an dá thaobh ann, agus uaireanta bíonn sé níos fusa ag an mBéarlóir, fiú duine ar mian leo an teanga fhoghlaim, géilleadh don Bhéarla.

    Tá nósanna teanga casta, agus deacair a athrú nuair a bhíonn an nós buanaithe.

    ReplyDelete
  2. Tarlaíonn sé sin le heachtrannaigh cinnte, a Aonghuis, agus iad ar thuras chun na tíre seo, go háirithe leo siúd le suim acu sa Bhéarla mar theanga labhartha,abair, nó más rud go bhfuil siad ag foghlaim na teanga.

    Nuair a bhí mé thall, mise a bhí i m'eachtrannach agus d'airigh mé uaim, go mór, cumas labhartha na Spáinnise, mar gurb í sin teanga na tíre, agus d'airigh mé go mba chóir domsa iarracht a dhéanamh, ar a laghad, cúpla focal a fhoghlaim agus a labhairt leo.

    Agus rinne mé chuile iarracht sin a dhéanamh, agus rinne siadsan chuile iarracht an teanga sin a roinnt liom. Mhothaigh mé go bhfuil siad iontach brodúil as a dteanga dhúchais. Thug mé an meas sin faoi deara, thug mé abhaile liom é, agus beidh mé ag foghlaim liom...:-)

    ReplyDelete
  3. Agus muid ag filleadh arís ar an Iodáil i gceann coicíse, leag mé lámh ar mo chnuasach CDanna agus chrom ar snas beag a chur ar mo ‘cúpla focal’. Ní hé go bhfuil, nó go raibh riamh líofacht agam, nó go fiú, uaim. Ní raibh uaim ach an cumas ar a dtugaim ‘survival Italian’, díreach ar nós an ‘survival Japanese’ a bhí agam tráth. Abairtí ar nós
    “Cá mhéad?”
    “Ró-chostasach.”
    “Tá taxi uaim le dul go dtí X.”
    “Sár-bhéile. Fillfimid.”
    Iontach go deo an tionchar a bhíonn ag na hiarrachtaí sin ar mhuintir na háite, sna bialanna, ach go háirithe.

    ReplyDelete
  4. B'fhiú sracfhéachaint a thabhairt ó am go chéile ar phríomhleathanach nuachtáin mar El Pais tar éis duit an chéad dúshraith a bheith leagtha síos agat. Mar is eol don saol, is ansan a chuirtear aithne ar na focail is mó a bhíonn in úsáid i gcúrsaí nuachta agus a leithéid. Bíonn an dul chun cinn le braith go luath agus tugann sin misneach.

    B'é sin riamh cuid lárnach de mo chur chuige fhéin agus mé i mbun teanga nua a fhoghlaim.

    Go n-éirí go breá leat!

    ReplyDelete
  5. Bhain tú mí bhrí as an méid a dúirt mé. Dar ndóigh, botún a bhí ann eachtrannaigh a rá. Muintir tíre gan Bhéarla, ina bhfuil Béarlóir ag caitheamh seal, a bhí i gceist agam.

    Mar a tharlaíonn sé, bhí (agus tá) Gearmáinis ar mo thoil agam. Ach bhí an-deacracht ag na céimithe eile a chuaigh anall liom greim a fháil ar an nGearmáinis, toisc go rabhthas ag baint feidhm astu mar ghléas cleachtaithe Béarla.

    Agus tá sé cloiste go minic agam gurbh é sin taithí Béarlóirí ar Mór Roinn na hEorpa.

    ReplyDelete
  6. Creidim go bhfuil an ceart agat, a Aonghuis, agus go dtarlaíonn sé sin, gan dabht.

    Déanfaidh mé sin, a Ormondo, chomh luath agus a bheas deis agam an leabhar eile a léamh agus mé féin a chur in aithne níos fearr ar an méid a d'fhoglaim mé thall.

    Tá na CDanna ceannaithe agam freisin, a SheáinO, agus mé ag súil go dtabharfaidh siad an 'cúpla focal' sa bhreis dom le 'survival Spanish' a bheith agam féin.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.