Saturday, September 5, 2009

Agus saor sinn ó...

Is maith le daoine rialtacht. Tá nósanna acu, bealaí ina ndéanann siad rudaí ar an gcaoi chéanna, lá i ndiaidh lae. Ar ndóigh, ní bhíonn an dara rogha ag an bhformhór againn. Bíonn orainn éirí ag am ar leith, bheith ag obair ag am ar leith, bheith sa bhaile ag am ar leith, agus mar sin de...

Ach cén fáth an nós sin a bhíonn ag daoine maidir le, abair, cathaoir ar leith a bheith acu sa bhaile, áit ar leith acu le suí ag an mbord sa bhaile, laethanta ar leith acu le jabanna éagsúla a dhéanamh timpeall an tí agus ar uile? An gcuireann a leithéid d’iompraíocht brú ar dhaoine, iad i gcónaí faoi thionchar an chloig agus na nósúlachta, iad de shíor ag siúl ar an mbóthar atá díreach; bóthar gan chor, gan cham?

Is iomaí duine a bhaineann sult agus tairbhe as an nósmhaireacht sin, daoine ar fearr leo rialtacht a bheith i bhfeidhm ina saol. Ach ní bhíonn slí an tsaoil gan chor, gan cham, agus ní bhíonn aon turas uirthi gan chroitheadh, gan chonstaic.

Meas tú nárbh fhearr dúinn mírialtacht de shaghas éigin a bheith inár saol, ó am go chéile…suí in áit dhifriúil le go mbeidh radhairc eile le feiceáil, agus ligean a thabhairt don lá le go mbeidh muid féin ar ligean leis.
.

10 comments:

  1. Aontaím go h-uile is go h-iomlán leat, a Áine. Is fuath liom an rialtacht, go h-airithe nuair a théitear thar fóir leis. Mar shampla, is cuimhin liom roinnt bhlianta ó shin siúl isteach i seomra foirne i meánscoil do chailíní agus shuigh mé i ngan fhios dhom i gcathaoir mí-cheart. Ba léir go raibh cathaoir phearsanta ag gach oide ar an bhfoireann. Is amhlaidh go suíonn gach múinteoir ag bord áirithe agus ar chathaoir phearsanta i rith na scoilbhliana. Ta cara liom ag teagasc sa scoil sin agus uair amhain mholl sé dá chomhleacaithe athrú cathaoireach. Mhol me dhó go mba cheart dóibh go léir "musical chairs" a imirt ó am go chéile. Caithfidh me a rá go gcuireann an nósúlacht sin go mór isteach orm. Chomh maith leis sin bhí bord speisialta acu do na H. Dips., sé sin iad siúd ata ina n-ábhar múinteireachta! A leithéid d'amaidí ní fhaca me riamh! Maith thú. Slán, Tim.

    ReplyDelete
  2. Tá pobail ann a mbíonn “laethanta mírialtachta oifigiúla” acu chuile bhliain, mar atá Carnevale, Mardi Gras, Divali, etc. Tá siad ann toisc go bhfuil an-ghá lena leithéid mar chomhla sceite (safety valve), go háirithe i bpobail a bhfuil a lán rialtachta agus comhfhoirmeacht shóisialta iontu.

    ReplyDelete
  3. Nó, mar a deir an seanfhocal, ná déan nós agus ná bris nós...

    Is maith ann an dá rud, rialtacht i gcúrsaí airithe, agus gníomh buile ó am go chéile!

    Cuimhnigh gur troscadh agus tréanas rialta a leanann féile "Slán leis an bhfeoil" (Carne, vale), agus go dtagann féile mhór ina dhiaidh sin arís.

    Níl cuir amach agam ar nós na Hiondúch, ach bheadh ionadh orm murar amhlaidh ansiúd é.

    ReplyDelete
  4. Tuigim do chás, a Tim, agus tá áthas orm a admháil nach bhfuil rialacha ná rialtacht ar leith ag rialú mo shaoil féin, cé go nglacaim leis go bhfuil a leithéid ag tarlú go rialta agus go nádúrtha i saol daoine eile.

    Feictear dom, áfach, go bhfuil an téad idir an rud rialta agus an rud nádúrtha ag forleathnú, agus is é an ceangal cumarsáide nádúrtha idir dhaoine atá thíos leis go minic.

    Ní thuigim an gá le 'mo chathaoir agus do chathaoir'. Tá umhlú de shaghas éigin i bhfeidhm lena leithéid, i mo thuairim, mar a bheadh céimíocht nó idirdhealú á dhéanamh. I ndeireadh na dála, nach bhfuil muid uile ar chomhchéim - nó in ainm agus a bheith!

    Dennis, feictear dom go bhfuil mírialtacht oifigiúil ag tarlú go rialta anseo cheana, agus níl aon chomhla sceite againn le muid a shábháil ón bpraiseach ina bhfuil an tír fágtha acu, faraor...

    ReplyDelete
  5. Is maith liom an nath sin 'gníomh buile', a Aonghuis! Go mbronntar ort a leithéid go rialta, a chara, le fearadh na féile...:-)

    ReplyDelete
  6. Is amhlaidh go bhfuil formhór na ngnáthdaoine gafa i "muileann an hamstair" (Hamstermühle) mar a chuirtear ar an saol ró-rialta abhus. Agus murach na deiseanna éagsúla chun éalú as anois is arís déarfainn go mbeadh an-bhaol ann go gceapaimis luath go mall go bhfuilimid i ndáiríre inár hamstair.

    Pé scéal é: meas tú go raibh foireann sacair na hÉireann ag léamh do bhlagsa ar líne san óstán i Nikosia? Ar aon nós d'éirigh leosan iad a shaoradh ón rialtacht: déanta na fírinne tá cluiche as baile buaite acu!

    ReplyDelete
  7. Chonaic mé an cluiche, a Ormondo, agus áthas orm go bhfuil na trí phointe sin ag teacht abhaile leo!

    Meas tú an bhfuil Gaeilge ag aon duine den fhoireann...:-)

    ReplyDelete
  8. Níl a fhios agam ach bheinn beagáinín amhrasach faoi, ach cá bhfios?

    (Táim ag iarraidh meon diúltach mar gheall ar an gceist a sheachaint ;) )

    ReplyDelete
  9. Bíonn cuid mhór rialtachtaí i mo shaol féin chomh maith; an obair, na páistí ar scoil, ranganna oíche, srl... ach bíonn neart gníomhartha buile ann chomh maith, mar a déarfadh Aonghus... is breá liom imeacht ón ró-rialtacht anois is arís, le beocht a choinneáil i mo shaol... tharraing mé siar ó chuid mhór coimitmintí i mbliana le go mbeadh tuilleadh den mhírialtacht agam!

    ReplyDelete
  10. Maith thú, a Sheáin!

    Fuair mé ríomhphost inné ó dhlúthchara liom. Léigh sí an t-alt seo a scríobh mé, agus tá a 'cathaoir' bogtha rud beag ar chlé aici anois,a scríobh sí...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.