Sunday, August 30, 2009

An Lyncháil Sin

Ach an oiread le go leor daoine eile le suim acu inár dteanga dhúchais, léigh mé an píosa sin a scríobh Declan Lynch san Indo an tseachtain seo caite.

Anois, tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a mholfadh go scríobhfaimis litreacha le gearán a dhéanamh faoin alt agus, b’fhéidir, baghcat a dhéanamh ar an bpáipéar ag an am céanna, ach nílim ar dhuine de na daoine a dhéanfadh a leithéid. Má cheapaim go bhfuil ionsaí ‘en masse’ de chineál ar bith á dhéanamh ar dhuine de thoradh a chuid tuairimí a roinnt, fiú agus na tuairimí sin maslach ar mo thuairimí féin, bím rud beag amhrasach.

Creidim go mór go bhfuil sé de cheart ag chuile dhuine againn ár gcuid tuairimí a roinnt go daonlathach, agus fiú mura n-aontaím leis na tuairimí a roinntear, cosnóidh mé an ceart sin go lá mo bháis, tá súil agam, a fhad agus nach bhfuil na tuairimí sin ag cothú foréigin de shaghas ar bith. I mo thuairim.

Tá tíortha ann fós nach dtugann an ceart do dhaoine a bheith saor lena mbriathra, agus tá reiligiún ann a chuirfeadh ‘fatwah’ i bhfeidhm ar an té a labhródh amach i gcoinne a dtuairimí, nó ar an té a scríobhfadh ar dhóigh a d’fheicfí ‘masla’ á dhéanamh ar an reiligiún sin. An bhfuil an ceart sin acu, meas tú?

Táim amhrasach, mar shampla, faoi dhlíthe ar bith a bhaineann le diamhaslú, mar go bhfeicim fadhbanna lena leithéidí. Mura n-aontaíonn duine, abair, le reiligiún ar leith, agus más mian leo labhairt amach ina choinne mar gheall go n-airíonn siad go bhfuil ‘ionsaí’ á dhéanamh san áit a bhfeiceann duine eile ‘toil cibé Cé’ á dhéanamh, an bhfuil sé de cheart ag an reiligiún sin beatha an duine a chur i mbaol de thoradh a thuairimí a roinnt? Agus, cén tuairim í an tuairim cheart? I do thuairim.

Cá bhfios dúinne nach bhfuil an ‘we Irish’ agus an ‘vast majority of us’ a luaigh Declan ina alt ag aontú lena thuairimí, ach go bhfuil faitíos orthu labhairt amach? Agus fiú má tá Declan leis féin ina thuairimí, nach iomaí duine, ar an taobh eile den scéal, atá ag scríobh amach ar mhaithe leis an teanga chomh maith céanna? Cé acu is cirte? I do thuairim.

Tá tromaíocht curtha i bhfeidhm ag páirtithe agus ag grúpaí éagsúla sa tír seo ar dhaoine le fada an lá; tuairimí briste brúite le brúidiúlacht nó le bulaíocht a fuair beatha agus tacaíocht ó cheannasaíocht leithleach, a bhíodh go mion minic ag feidhmiú ar mhaithe leo féin amháin.

Ní maith liom, ar chor ar bith, an dóigh ar chuir Declan a phointí ar phár, ach tá an ceart sin aige, fiú mura gcreidtear go bhfuil an ceart aige. Ní hiad tuairimí Declan atá mo spreagadh chun pinn inniu, mar nach fiú dom, i mo thuairim, oiread is nóiméad de mo theanga dhúchais a chaitheamh ag plé leis na focail rámhailleacha sin a chuir sé os mo chomhair an tseachtain seo caite.

Ach, ní dóigh liom go bhfuil gá dá laghad le feachtas ar bith ina choinne, Tá ár dteanga dhúchais ag maireachtáil in ainneoin leithéidí Declan le fada an lá. Ní neart go cur le chéile, ach ní gá go mbeadh an neart sin naimhdeach ná nimhneach. Déan neamhaird den Lyncháil. Ní bhaineann sé linn. I mo thuairim.
.

5 comments:

  1. Is deas an rud é a bheith i mo chónaí thar lear gan fáil éasca agam ar an Indo! ;-)

    ReplyDelete
  2. Níl mé cinnte an aontóinn go hiomlán leat. Is cuid de sraith altanna maslacha san Sindo a bhí san alt seo. Mar sin, tá an cuma air go bhfuil feachtas ar bun ag an Indo. Má tá, is mithid cuir ina choinne. Mar a rinne roinnt daoine, mé féin ina measc. Foilsíodh dhá litir mhaithe inné. Iad béasach, stuama.

    Ní tromaíocht atá ann an taobh eile den scéal a léiriú, chomh fada agus a seachnaítear an argóint ad hominem agus a leithéidí.

    Tá chomhthéacs leis seo ar fad freisin - ciorraithe a chuirfidh isteach ar earnáil na Gaeilge. Má tá an tuairim fairsing gur cuma leis an bpobal i gcoitinne, titfidh an tua níos troime.

    ReplyDelete
  3. Mar is eol duit faoin am seo, a Aonghuis, níl aon fhadhb agamsa leis an rud atá beasach agus stuama...:-)

    ReplyDelete
  4. Bíonn sé de ghnás ag daoine áirithe nár éirigh leo fós "srathar an iarchóilíneachais a chaitheamh i dtraipisí" (agus nár éirigh leo an Ghaelainn a fhoghlaim ach oiread) a n-aineolas i gcúrsaí Gaelainne a cheiliúradh go gairéadach agus go nimh-uaibhreach os comhair an tsaoil. Is é an teachtaireacht a chraobhscaoileann siad agus cumas sa Ghaelann faoi chaibidil acu ná gur bua é an laige agus gur suáilce í an míchumas.

    Ar mhí-ámharaí an tsaoil tá an baol ann i gcónaí go bhfeidhmíonn ailt dá leithéid tionchar ar an bpobal agus i ndeireadh dála ar an bpoilitíocht leis agus de bharr sin bím i gcónaí buíoch as go scríobhtar go cumasach i gcoinne alt dá leithéid - cé nach bhfuil an méid airde sin tuillte acu.

    Is ábhar áthais dom nach bhfuil rochtain agam abhus ar nuachtáin áirithe. ;)

    ReplyDelete
  5. Má tá an oiread sin ‘tionchar’ ag na ‘altanna maslacha’ sin ar ár bpolaiteoirí agus ar an bpobal, a fheara, tá súil agam go mbeidh Cé idir sinn agus an anachain…:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.