Monday, July 6, 2009

Is oth liom a chur in iúl duit...

Nuair a thagann litir chun tí chugat agus na focail ‘Is oth liom a chur in iúl duit…’ ar an gcéad líne, bíonn a fhios agat ar an bpointe nach dea-scéal a bheidh ann. Ceapaim. D’fhéadfadh sé gur tusa an sórt duine a fheiceann an dea-scéal sa drochscéal; b’fhéidir gur tusa an soirbhíoch a fheiceann an rud dearfach san áit a mbíonn an rud diúltach le feiceáil ag duine eile. Is tusa an duine leis an ngloine atá leathlán nuair atá an duine le do thaobh ina shuí agus gloine leathfholamh aige.

Bhí mo chupán caife leathlán agus mé ag oscailt na litreach ar maidin. Ba ghearr uaim an dealg dhúigh a chuirfeadh poll san áit dhearfach, dá mbeadh an áit sin ar chor ar bith dearfach sa chéad áit. Bhí mé ag streachailt leis an lá roimh theacht na litreach, smaointe eile ag réabadh trí mo chloigeann inniu, mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta.

Mar sin, nuair a d’oscail mé litir leis na focail ‘Is oth liom a chur in iúl duit…’ ar an gcéad líne, bhain sé geit asam. Ar feadh soicind nó dhó. Ansin, thug mé faoi deara ábhar na litreach, 'An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí – Torthaí an Scrúdaithe'. Níor éirigh liom ‘sa scrúdú creidiúnaithe an babhta seo’. Ach, ‘beidh deis eile agat an bhliain seo chugainn, más mian leat an scrúdú a dhéanamh arís.’

Ní dóigh liom é. Mar a scríobh mé ar an mblag seo ar an 27 Aibreán, i m’alt ‘An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí’, ní raibh ‘a fhios agam sa sioc cén fáth ar tharraing mé an scrúdú seo orm féin, ach tharraing’. Agus, fuair mé torthaí mo dheargmhire ar maidin. Sách maith agam é. Más rud gur cheap mé go raibh deis agam an 70% a bhaint, an céatadán atá leagtha síos ag Foras na Gaeilge le pas isteach a thabhairt do mo leithéid, bhí mé céad faoin gcéad mícheart.

Bhuel, timpeall 20% mícheart ar aon nós, mar is í sin an bhearna eolais atá idir mé féin agus an t-aistritheoir creidiúnaithe, is cosúil. Nílim chomh cliste agus a cheap mé. B’fhéidir. Is dócha. Gan dabht. Faraor. Níor éirigh liom ach leath na marcanna a fháil. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí. Maithigí mo bhotúin dom, agus maithfidh mise mo bhotúin féin.

Agus ná hinis mo scéal d’aon duine. Níor mhaith liom go gceapfadh siad gur óinseach cheart atá ionam. Coinneoimid eadrainn féin é, a léitheoirí. Bheadh náire orm an scéal a roinnt leo siúd a cheapann go bhfuilim iontach cliste ar fad. Is fearr iad a fhágáil chomh haineolach liom féin.
.

4 comments:

  1. Comhbhrón, a Áine. Amharc ar an taobh dearfach - ar an laghad, ní bheidh tú gaibhte le macasamhail 'Conradh Liospóin' a aistriú go Gaeilge.

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam an féidir an Conradh sin a thuiscint ar chor ar bith, is cuma cén teanga ina bhfuil sé scríofa!

    Maidir leis an scrúdú, a chara, clocha agus paidrín srl...:-)

    ReplyDelete
  3. Tá a fhios agat, is dócha, go bhfuil foram ríomhphoist ag www.acmhainn.ie. Sin í an áit a mbíonn na haistritheoirí ag cur ceisteanna ar a chéile faoin aistriúchán is fearr de X, Y agus Z. Agus ag clamhsán, ó am go ham, faoin mbruscar a aistríonn siad ... gan trácht ar an íocaíocht shuarach a fhaigheann siad air. :-\

    ReplyDelete
  4. Cuidíonn acmhainn.ie agus focal.ie go mór liom agus mé ag scríobh liom, a Dennis, agus ní raibh am riamh ann nár tháinig Tadhg nó Eibhlín in Foras na Gaeilge ar ais chugam, ar an bpointe boise, le freagra ar aon cheist ghramadaí uaim, am ar bith a chuir mé ceist chucu.

    Bainim úsáid as na háiseanna sin atá curtha ar fáil go rialta, agus tá meas mór agam ar Fhoras na Gaeilge, agus an obair a dhéanann siad, cé go bhfuil amanna ann a mbím amhrasach fúthu, go háirithe nuair a fheicim ceist Chon ‘Cén fath, mar shampla, nach féidir le Foras na Gaeilge cúntais nó tuairisciú bliantúla a fhoilsiú in am? D’fhoilsíódh tuarascáil is cúntais 2004 i mí Feabhra na bliana seo….’ (Deireadh an Róid d’Fhoras na Gaeilge)(15.5.2009 iGaeilge).

    Tá mé go mór i bhfabhar trédhearcachta, agus ba chóir go mbeadh cuntais ar fáil, más é sin an córas atá i bhfeidhm go dlíthiúil. Mura bhfuil na cuntais ar fáil, an é nach bhfuil a ndóthain foirne acu? Más sin an cás, tá neart daoine oilte ar an dól a d’féadfaí a fhostú le cuidiú leo, agus Gaeilge den scoth acu. Ar ndóigh, níl ansin uaim ach tuairimí an aineolaí! Nílim iomlán eolach ar chuntasóireacht ná ar reachtaíocht, an dtuigeann tú.

    Bainim úsáid as Gaelspell agus Ceart freisin agus, ar bhealach, is dóigh go bhfuilim millte acu, cé nach mbraithim orthu go huile agus go hiomlán – Áine Amhrasach mé i gcónaí – ach, is léir ó na marcanna a fuair mé, go mbraithim orthu an iomarca, iad sin agus trí fhoclóir, GGBC, Gramadach gan Stró, Cruinnscríobh na Gaeilge, Leabhar Gramadaí Gaeilge, agus tuilleadh nach iad! Tá go leor le foghlaim.

    Creidim go bhfuil Foras na Gaeilge ceart agus caighdeán ard a bheith i bhfeidhm acu don scrúdú seo, mar feicim stuif atá aistrithe ‘go proifisiúnta’ agus ní bhíonn sé ar ardchaighdeán i gcónaí. Feiceann an t-aineolaí seo na botúin, fiú ar shuíomh an Fhorais ó am go chéile. Níl aon duine gan locht is cosúil, ach caithfear córas éigin a bheith i bhfeidhm le go mbeidh fáil ar aistritheoirí den scoth. Níl mise ar dhuine acu siúd, is léir.

    Is maith ann an Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí, agus comhghairdeas uaimse chucu siúd ar éirigh leo sa scrúdú i mbliana. Go n-éirí go geal, agus go caighdeánach, leo!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.