Friday, June 5, 2009

Trua

Is ait an focal an focal sin ‘trua’. Ní mar an gcéanna a bhaineann gach duine úsáid as.

Mar shampla, d’fhéadfainn a rá gur “mór an ‘trua’ é nár bhuaigh mé an lotto aréir”, agus seans nach mbeadh ‘trua’ dá laghad agat dom, a léitheoir. Bheadh tú ag rá leat féin, b’fhéidir, “Má tá airgead a dóthain aici €218 euro a chaitheamh in óstán, agus í ag maíomh gur sladmhargadh é sin, ní theastaíonn a thuilleadh uaithi!”; nó b’fhéidir go gceapfá “Tá neart airgid aici sin cheana, nach bhfuil teach nua tógtha aici!”. Cé gur mór an ‘trua’ go ndéarfá a leithéid, dá ndéarfá, bheadh an ceart sin agat. Ach, nach é an ‘trua’ nach mbeadh an ceart agat, mar sin féin, a cheapfainn.

Nach é an ‘trua’ é go gceapann daoine go bhfuil tábhacht mhór ag baint le hairgead? Ach tá, go háirithe mura bhfuil sé agat, a deir tú. Nó, níos measa arís, nach mór an ‘trua’ an duine ata i bhfiacha le banc nó, go bhfóire Cé orainn, le fear gaimbín gan ‘trua’.

Bheadh ‘trua’ ag daoine don fhear sin a rinne an botún millteanach sin leis na scrúdpháipéir i gCo. an Lú. Is iar-mhúinteoir scoile é, dúradh, a chaith a shaol, is dóigh liom, ag tógáil clainne agus ag saothrú a chuid airgid le cúram, agus le haire nach beag ar a cheird agus ar a chlann, cheapfá. Ach, is ‘trua’ liom a rá, is cuma faoi sin anois mar gurb é, seans, an t-aon aitheantas amháin a bheidh ag an bhfear fud fad na tíre ná gur chosain a bhotúin €1m ar an rialtas agus, dá bhrí sin orainne, na cáiníocóirí. Is mór an ‘trua’ gur tharla sé sin.

Ar ndóigh, beidh daoine eile ann, tuismitheoirí na ndaltaí sa scoil sin go háirithe, agus beidh ‘trua’ acu do na daltaí a cuireadh trína chéile leis an athrú sceidil a tharla de thoradh an bhotúin. Beidh daoine eile ann agus ní bheidh ‘trua’ dá laghad acu don iar-mhúinteoir, ach beidh ‘trua’ acu do na daoine sin, atá gan ioncam nó atá ar an dole, agus a d’fhéadfadh an jab sin a dhéanamh, ach deis a fháil. “Cén fáth nár tugadh an post do dhuine óg atá gan phost!”, a déarfadh siad, b’fhéidir, gan ‘trua’ acu ach don té atá ag streachailt, gan ioncam, de thoradh botúin na mbanc.

Agus níl ‘trua’ ag aon duine do na bainc, ná d’údaráis na mbanc, an bhfuil? Ar ndóigh, thuigfeá sin, a léitheoir, nach dtuigfeá? Tá sé deacair ‘trua’ a mhúscailt, fiú sa chroí fial, don té atá ina shuí go gléasta ar phóca bhríste atá lán go béal le pinginí agus pinsin nár thuil sé, nó nár shaothraigh sé, nach bhfuil? Ní fhéadfá ‘trua’ a dhéanamh dó siúd, an bhféadfá?

Agus céard faoi na daoine sin a déarfadh “Is mór an ‘trua’ é. Ní air atá an locht. Is galar é.” faoin té atá ag diúl go meisciúil agus go halcólach as sparán an teaghlaigh, ag fágáil clainne gan chothú, gan faoiseamh? An bhfuil ‘trua’ tuillte ag an andúileach a tharraingíonn scian go scéiniúil ar an íobartach neamhchiontach atá ag siúl abhaile tar éis lá oibre nó oíche shiamsa? Nó, an bhfuil ‘trua’ tuillte ag an ngarda a chaithfeadh scéal bhás an íobartaigh a roinnt lena mhuintir? Ar ndóigh, nach bhfuair sé traenáil le jab mar sin a dhéanamh? Nach bhfuil sé ag fáil pá maith? Níl ‘trua’ ar bith agat dó, an bhfuil?

Céard faoi na daoine ‘trua’ atá ag fulaingt ar fud an domhain, gorta agus cogaí á gcéasadh? An nglacfá ‘trua’ dóibh sin? An bhfuil ‘trua’ ar bith sna daoine atá á gcéasadh? Is ‘trua’ do lucht an droch-chroí. Is iadsan an tréan in aghaidh an ‘trua’. Agus, cá bhfuil ‘trua’ do Dhia in am an ghátair?

B’fhéidir gur ‘trua’ gan tarrtháil atá faoi chaibidil agam. Briathra ‘trua’, nach fiú a dhath iad. Is ‘trua’ nár fhan mé i mo thost. Mo thrua!
.

2 comments:

  1. Bhuel, níl sa trua nuair atá fíor trua tuillte ach an chéad céim. Is beag trua atá agam don fear a rinne an botún i nDún Dealgan. Is féidir le aoinne botún a dhéanamh. Ach bhí sé de dhualgas air a uachtaráin a chuir ar an eolas ar an bpointe - rud nach ndearna sé. Dá mbeadh san deánta aige, bheadh an chostas laghdaithe ar a laghad.

    Má leannan gníomh an mothúchán trua, is fiú é. Muna leanann, níl ann ach caint - atá saor! (ach airgead ar thobac...)

    ReplyDelete
  2. Is maith an rud scaoileadh leis an ualach ó am go chéile, agus is deas go bhfuil sé in aisce é a dhéanamh!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.