Thursday, June 4, 2009

Blagálaí Eile

Glór nua eile ag blagáil linn: Thall is Abhus, agus fearadh na fáilte roimhe! Mo bhuíochas do Dennis, as mé a chur ar an eolas faoin mblagálaí nua seo.

Tabharfaidh sibh faoi deara, a léitheoirí, go bhfuil rud nua eile foghlamtha agam ó Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach - táim anois ag 'Adding links to blog posts'.

Mar a fheiceann sibh ó na nascanna aibhsithe thuas, táim ag cleachtadh liom. Bean le bréagán nua, an dtuigeann sibh...
.

2 comments:

  1. Tá bréagán deas lonrach eile ag fanacht leat: an íomhá bheag de thírdreach ar an leathanach Posting - Create. Tig leat pictiúir a chur sa teachtaireacht leis an gcnaipe sin. Má tá grianghrafanna ar do ríomhaire, is féidir iad a thaispeáint, agus is féidir íomhánna a aistriú ó bheagnach áit ar bith ar an idirlíon chomh maith. Bain triail as!

    ReplyDelete
  2. Tá sin léite agam, a chara, agus is easpa ama atá mo choinneáil ón mbréagán áirithe sin.

    Tá Sióg á ghléasadh agus á ghlanadh féin gach uile lá, ag fanacht leis an gceamara...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.