Tuesday, May 12, 2009

As Baile

Bhí mé as baile ar feadh an lae ag ceannach stuif don teach nua. Níl dabht ach go bhfuil na siopaí uile, i nDoire agus i Leitir Ceanainn, ag fulaingt mar gheall ar an gcúlú. Tá sladmhargaí chuile áit, ach níl na daoine. Níl a fhios agam an bhfuil siad ag sábháil a gcuid airgid, nó an é nach bhfuil airgead ag daoine le caitheamh. Cibé scéal é, is drochscéal é.

Ag caint ar dhrochscéal, fuair mé ceann ó Ghaillimh inniu. Fuair deartháir le dlúthchara liom bás tobann ar maidin. Cé gur tháinig an bás aniar aduaidh ar an gclann, bhí ailse ar an bhfear bocht agus tá sé deacair ciall na réasún a dhéanamh de thuras an ghalair dhamanta sin.

Beidh mé ar an mbóthar luath ar maidin, mo thuras féin á dhéanamh agam le go mbeidh mé in ann tacaíocht de shaghas éigin a thabhairt do mo chara agus a muintir. Beidh mé ar ais libh nuair a bheas.

.

1 comment:

  1. Lean ort, ag spreagadh na heacnamaíochta, a dhuine chóir!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.