Sunday, May 10, 2009

Cuairteoirí

Tháinig Ronnie agus Rosie inniu. Mac agus iníon le Billy. Rugadh iad ar an 15 Márta. Is mac é Billy le Molly, madra s’againne. Tá Billy ina chónaí le cara m’iníne ó bhí sé dhá mhí d’aois. Billy, chan an cara. Tá Molly ag fanacht le Billy ó thosaíomar ag tógáil Ceann Scríbe. Beidh sí ag teacht ar ais chugainn go luath. Níl sí i bhfad ó bhaile, agus bíonn sí ar cuairt anseo go minic. Í féin agus Billy. Agus an cara.

Is le mo mhac í Rosie anois, agus is le mo dheartháir céile é Ronnie. Beidh Ronnie ag fanacht anseo leis An Pluiméir, agus le Rosie, go dtí deireadh na míosa seo chugainn agus ansin beidh sé ag bogadh go Baile Átha Cliath. Ronnie, chan An Pluiméir.

Is beag aird Shióg ar Ronnie agus Rosie. Nuair a shiúil sé isteach sa chistin ní ba luaithe, thosaigh Ronnie ag tafann leis. Níor bhog Sióg. Níor bhog Rosie. Choinnigh Ronnie air ag tafann. Níor bhog mise. Níor bhog an Garraíodóir. Níor bhog Gráinneog. Níor bhog An Pluiméir. Choinnigh Ronnie air ag tafann. Ní raibh faic le cloisteáil ach Ronnie ag tafann.

Stop Ronnie den tafann. Bhreathnaigh sé idir an dá shúil ar Shióg. Níor bhog Sióg. Thiontaigh Ronnie agus thosaigh sé ag spraoi le Rosie. Shuigh Sióg síos, bhreathnaigh sé ormsa agus táim cinnte gurbh iad na focail a chuala mé óna shúile ná “Cá bhfuair tú an t-amadán sin?.’

.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.