Sunday, May 10, 2009

Madeline

Ó tharla mé ag labhairt ar fheachtas, chuir na McCanns tús le feachtas eile an tseachtain seo caite. Tá próiseáil aoise déanta ag an National Centre for Missing and Exploited Children, USA, ar phictiúr de Mhadeline agus bhí an pictiúr sin sna páipéir uile an Domhnach seo caite.

Sa phictiúr, feicimid Madeline mar a bheadh sí in aois a sé bliana. Tá sé dhá bhliain ó fuadaíodh Madeline, agus bhí sí ceithre bliana d’aois an t-am sin. Is cuimhin liom an fiosrúchán a rinneadh. Ní bheinn rómhuiníneach as an bhfiosrúchán sin. Tá ceisteanna fós le freagairt. Feictear dom go ndearna an lucht bleachtaireachta praiseach den rud, gur dhírigh siad a n-aire ar an áit nach raibh freagra le fáil nó, ar a laghad, gur dhírigh siad a n-aire san áit chontráilte. Níl a fhios agam. B’fhéidir nach bhfuil tuiscint cheart agam ar an dóigh a láimhseáiltear fiosrúchán i dtíortha iasachta. Cibé scéal é, fágadh éiginnteacht san áit gur chóir suaimhneas intinne a bheith, agus is iad na McCanns atá thíos leis sin. Is mór an trua iad.

Mar sin, chuir sé iontas orm nuair a chuala mé, ar chlár teilifíse éigin maidin Dé Domhnaigh seo caite, bean, a bhí ag tráchtaireacht ar pháipéir an Domhnaigh, ag tabhairt “waste of money” ar an bhfeachtas seo. Dar léi, tá neart páistí ar iarraidh agus d’fhéadfaí an t-airgead seo a roinnt thart, seachas é a chaitheamh ar aon fheachtas amháin. Go bhfóire Cé orainn!

Chuir an méid a dúirt sí uafás orm, uafás a bhí beagnach chomh dona leis an uafás a tháinig orm nuair a chuala mé gur fhág tuismitheoirí cailín chomh hóg le Madeline léi féin in árasán. Ach sin mise. Ní thuigim cén fáth a ndéanann, nó cén fáth a ndeireann daoine, rudaí nach gcuireann sábháilteacht an linbh chun tosaigh. Ach tuigim go rómhaith fáth an fheachtais seo, agus ní thabharfainn ‘waste of money’ go brách air.

Cibé áit ina bhfuil sí, tá súil agam nach bhfuil Madeline álainn shoineanta na gruaige finne ag fulaingt. Sin mo ghuí.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.