Wednesday, April 22, 2009

Ceacht le Foghlaim

Tháinig cuimhne eile chun cinn chugam agus mé ag tagairt, ní ba luaithe, ar an gcaoi a láimhseálann daoine an teanga ‘ársa’ s’againne. Táim ag roinnt an scéil anseo, sula ndéanfaidh mé dearmad é a roinnt arís, le hábhar machnaimh a thabhairt daoibh i leith thodhchaí na teanga.

Bhí comhrá agam le bean óg, níl sé i bhfad ó shin, ar ealaíontóir í. Is bean í atá tugtha don Ghaeilge, ach an oiread liom féin, agus tá spiorad Gaelach le feiceáil ina cuid oibre, ach amháin nach focail a bhíonn in úsáid aici, ach cruthaíonn sí íomhánna ar bhealaí eile.

Bhí a fhios agam, ó bheith ag caint léi, go raibh Gaeilge líofa aici agus gur de bhunadh na Gaeltachta í, ach dúirt sí liom gurb í an Béarla a bhí mar theanga chumarsáide aici lena cairde; nós é sin a tháinig chun cinn agus í ar an meánscoil sa Ghaeltacht, is cosúil. Cé go raibh Gaeilge ar a dtoil acu uile, bhí siad óg agus bhí na cláir faiseanta tharraingteacha uile ar an teilifís an t-am sin craolta trí mheán an Bhéarla, agus tháinig nathanna cainte an Bhéarla chun cinn go mór ina gcomhrá dá bhrí sin.

Bhí sí sásta Béarla a labhairt lena cairde ar scoil agus an Ghaeilge a labhairt sa bhaile, agus tá an dá theanga aici go líofa, agus go healaíonta, fós. Mar sin féin, agus gan mé ag súil ar chor ar bith leis mar go raibh an chuid sin den chomhrá a bhain leis an gcoimhlint idir an dá theanga pléite againn agus bhíomar, faoin am seo, ag labhairt ar chúrsaí ealaíne, thosaigh sí ag caint, arís, ar a cuid ama sa mheánscoil.

Dar léi, tá seans ann gur chuir, agus go gcuireann, an chaoi a múintear Gaeilge ar an meánscoil bac ar ealaíontóirí, is cuma cén meán atá in úsáid ag an ealaíontóir. Cén chaoi? Nuair a bhíodh aistí Béarla le scríobh acu sa mheánscoil, tugadh cead a gcinn dóibh an t-ábhar a láimhseáil mar ba mhian leo, agus a bheith chomh healaíonta agus chomh cruthaitheach agus a ba mhian leo. Ach, a dúirt sí, níorbh ionann leis na haistí Gaeilge. Bhí orthu cloígh le sean-nathanna cainte agus le seanfhocail mar go raibh marcanna sa bhreis ag dul dá leithéidí, agus bhíodh ar go leor acu, nach raibh Gaeilge ar a dtoil acu, an aiste a fhoghlaim de ghlan mheabhair ar fhaitíos nach bhfaighidh siad na marcanna.

Ní raibh deis aici aon rud nua a chruthú sna haistí Gaeilge, mar a bhíodh sna haistí Béarla agus, mar ealaíontóir, níor fheil sé sin di. Mar aon le gach ealaíontóir, bíonn uirthi a bheith ag cruthú rudaí; ag tabhairt saoirse dá smaointe le go mbeidh sí in ann ealaíon nua a aimsiú as eispéireas na linne seo. Bhí deis níos fearr aici é sin a dhéanamh sna haistí Béarla.

Mura dtabharfaimid deis don aos óg sna meánscoileanna an tsaoirse chéanna a bheith acu leis an nGaeilge agus atá acu leis an mBéarla, mura dtabharfaimid aghaidh ar ábhar nua cruthaitheach an lae inniu seachas ábhar na haimsire caite, ní bheidh seanfhocail nuachumtha ná nathanna cainte nuachumtha Gaeilge againn le roinnt amach anseo. San áit nach mbíonn athnuachan…Tar ar ais, a Mhic an Easpaig!

Bhfuil focal nuachumtha Gaeilge ann do hunkbabe? Tá sa Bhéarla anois, is cosúil – he’s a finer. Teanga ag fás. Des, is finer thú, go bhfaighidh mé focal nuachumtha Gaeilge a fheileann duit ar aon nós…

2 comments:

  1. An-phointe é sin, a Áine. Sin é an "saibhreas teanga" duit - an iomarca measa ar leaganacha cainte, ar mhaithe lena gcaomhnú. Tuigim an meon atá taobh thiar de, ach tá an ceart ag an ealaíontóir agus agat féin - caithfear a bheith ag cruthú as an nua, seachas a bheith ag caomhnú.

    Hunk - an bhfuil an focal "staic" ró-shean duit? Nó "stail" mar atá ag na Ciarraíochaí? Babe - an bhfuil an focal "stumpa" rógharbh, meas tú? - "Is breá an stumpa í sin".

    ReplyDelete
  2. Siad 'staic' agus 'stumpa' an dá fhocal a rith liom féin, ach nach mbeadh sé go deas dá mbeadh na daoine óga ag cumadh cinn nua!

    Agus comhghairdeas leat féin as an dul chun cinn atá do bhlag ag déanamh. Maith thú!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.