Sunday, April 26, 2009

Cara Muise!

Triomaígí allas an uaignis de bhur malaí, a chairde, táim ar ais arís. Bhí mé i mBaile Átha Cliath ón Aoine le cara liom, an bheirt againn ag dul faoi scrúdú Fhoras na Gaeilge ar an Satharn; an scrúdú scríofa sin a bhaineann leis an gCóras Creidiúnaithe d’Aistritheoirí. Ach tuilleadh faoi sin amárach. Táim róthuirseach anois.

Bhíomar ag stopadh le hiníon mo chara agus, aréir, thosaigh an cailín fáilteach seo do mo cheistiú faoi mo bhlag. Tá suim aici sa bhlagáil, ó thaobh na margaíochta de den chuid is mó . Thosaigh mé ag insint di faoin tracker, nó Deartháir Mór MiseÁine mar a thugaim féin air, agus bhí an-suim aici sa chuid seo den scéal.

Chuir sí a ríomhaire glúine ar siúl agus thaispeáin mé di an sórt oibre atá ar bun ag an tracker atá taobh thiar den bhlag seo. “In this section, for example, you can see how often a particular visitor comes to the blog, how many pages he reads, a general idea of what country or area of a country he came from, what key words he may have used to find you, and you find out how long he stayed on the blog.” a dúirt mé féin léi go húdarásach – tá go leor údaráis faighte agam ó thosaigh mé ag léamh ó Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach!

Gosh!”, a dúirt sí, “Look at Thursday’s log. One person actually stayed on your blog for 18 hours and 20 minutes! Is that possible?” a d’iarr sí. Tháinig guth a máthar, mo chara, ón tolg taobh linn. “He probably fell asleep!” a dúirt sí.

2 comments:

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.