Monday, April 27, 2009

Cailleach na Comhairle

Bíonn comhrá agam ó am go chéile le Cailleach na Comhairle. Bhí ceann agam léi nuair a thosaigh mé ar an mblag seo:

CnaC: Agus abair dá mbeadh rud éigin ar do bhlag nár thaitin le duine?

MiseÁine: Déanfaidh mé chuile iarracht gan a leithéid d’ábhar a bheith ann.

CnaC: Ach, abair nach raibh sé i gceist agat é a dhéanamh, ach go raibh daoine ag léamh an bhlag, agus nár thaitin an méid atá á scriobh agat leo?

MiseÁine: Bhuel, beidh clásal rogha an diúltaithe ar an mblag agam.

CnaC: Opt-out clause! Agus cá mbeidh sé sin agat?

MiseÁine: Ar bharr an leathanaigh, thuas sa chúinne, ar thaobh na láimhe deise.

CnaC: Ní fheicim é.

MiseÁine: An X beag sin, sa bhosca beag ansin.

CnaC: Agus cén chaoi a n-oibreoidh sé?

MiseÁine: Ní gá ach cliceáil air…

3 comments:

  1. Sin ceann iontach! Caithfidh mé smaoineamh air in am tráth.

    ReplyDelete
  2. is brea liom e seo. :) chur tu aoibh orm.

    ReplyDelete
  3. Is mór liom bhur gcuideachta. Súil agam nach gcuirfidh mé fonn oraibh 'cliceáil' a dhéanamh!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.