Monday, April 27, 2009

An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

Níl a fhios agam sa sioc cén fáth ar tharraing mé an scrúdú seo orm féin ach tharraing. Bhí mé tar éis dioplóma i scileanna aistriúcháin a chríochnú leis an Acadamh agus bhí na rialacha, agus modh oibre na scile, fós úr i mo chloigeann is dócha. In ainm agus a bheith ar aon nós. Ba ghearr uaim an fhírinne.

Fuair mé scéal ó Fhoras na Gaeilge as Béal Feirste ar an Máirt, le samplaí de pháipéir scrúdaithe (chan ceann an tSathairn, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoir) agus nótaí maidir leis an scéim mharcála faoi iamh leo. Is cosúil go mbíonn siad an-chrua agus iad ag ceartú ‘mí-úsáid na copaile’, ‘mí-úsáid an bhriathair ‘tá’’, agus ‘easpa tuisceana ar míre coibhneasta (díreach agus indíreach)’. Agus an ceart acu.

Ach níor chuidigh sin liomsa, agus murach go raibh Bean an tSléibhe do mo mholadh thar bheirt agus triúr maidir le m'ábaltacht, agus ag tabhairt cic sa tóin dom, ní bhacfainn leis an scrúdú ar chor ar bith. Ba é an clásal coibhneasta damanta sin ba chúis le m’imní. Dar leis an scéim mharcála, ba ‘mórbhotún gramadaí’ a bheadh ann dá mbainfinn mí-úsáid as. Sin m’fhadhb. Bíonn mé féin agus an clásal coibhneasta ag troid lena chéile i gcónaí. Bíonn an clásal coibhneasta ag iarraidh urú a chaitheamh mar chulaith ó am go chéile agus cuirimse séimhiú air, rud nár chóir a dhéanamh ar ndóigh, ach déanaim é. Go rialta. Agus déanaim a mhalairt freisin. Cuirim urú air nuair is mian leis séimhiú a chaitheamh. An rud bocht. Tá an t-ádh air go bhfuil Foras na Gaeilge amuigh ansin ag coinneáil súil ghéar ar a chearta.

Bhí an scrúdú ar siúl san Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht agus, ar an Déardaoin, fuair mé ríomhphost ón ittdublin, más fíor an seoladh a bhí ar an ríomhphost, le ‘Instructions for Logging in’, ‘Opening Microsoft Word’, agus ‘Saving and Printing exam’ faoi iamh. I mBéarla. Is mór an mhaith go bhfuil an teanga sin ar mo thoil agam nó bheinn i bponc ceart ar an lá, mar gur ríomhairí amháin a bhí ar fáil don scrúdú. Tá lá na bpeann ar phár imithe.

Le bheith féaráilte, bhí ar a laghad duine amháin den ochtar feitheoirí ar an láthair a bhí in ann Gaeilge a labhairt, agus táim cinnte go raibh an leaid sin ina chuidiú mór do dhuine ar bith nár thuig na treoracha Béarla a bhí faighte acu roimh ré. I mBéarla, freisin, a thug an príomhfheitheoir amach treoracha, agus rialacha an scrúdaithe, díreach roimh an scrúdú ar an lá, agus glacaim leis gur thuig chuile dhuine í, mar níor chuala mé aon duine ag lorg ateangaire.

Bhí fáil againn ar WinGléacht agus ar focal.ie le cuidiú linn, agus bíobla Uí Dhónaill. Bainim úsáid as WinGléacht mé féin go minic, go háirithe nuair nach mbím cinnte faoi inscne an fhocail faoi mo chúram. Bím neamhchinnte faoi fhocail ar leith, na bisexuals mar a thugaim féin orthu. Is focail iad atá beo beathach sa chaint dúchais ag daoine, ach ní réitíonn siad féin agus an caighdeán le chéile ó thaobh inscne ó am go chéile. Cuirim an focal isteach agus cuardaím an ‘b’ nó an ‘f’ sin taobh an fhocail a insíonn dom cén cois lena mbíonn an focal ag ciceáil.

Bhí sin déanta agam sa chéad pháipéar, agus m’athruithe déanta dá réir más rud go raibh gá leis, ach bhí mé leath bealaigh tríd an dara páipéar sa tráthnóna sular thug mé faoi deara gur leagan Béarla de WinGléacht a bhí ar mo ríomhaire an t-am ar fad. Ní ionann ‘f’ fhirinscneach na Gaeilge agus ‘f’ feminine an Bhéarla, mar is eol daoibh, a léitheoirí cliste. Ach, orm féin an locht. Tá mé cleachta leis an leagan Gaeilge de WinGléacht ar mo ríomhaire féin agus ar ríomhairí an Acadaimh, agus níor thug mé faoi deara gur ‘n’ a bhí roimh an ‘f’ in áit ‘a’.

Bhí mé faoi bhrú, an dtuigeann tú. Ní raibh agam ach dhá uair an chloig, agus bhí línte cosúil le ‘The Organisation shall conduct the activities provided for under this Treaty in the least intrusive manner possible consistent with the timely and efficient accomplishment of its objectives.’ le haistriú agam. In ainm Ollmháthair na Cruinne!

Is cuma. Tá sé déanta agam anois agus bíodh aige. De réir mar a chloisim uatha siúd a thug faoin scrúdú roimhe seo, beidh torthaí mo chuid allais agam am éigin roimh dheireadh na bliana. Féirín na Nollag a dúradh liom.

2 comments:

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.