Showing posts with label clár. Show all posts
Showing posts with label clár. Show all posts

Wednesday, September 1, 2010

Racht agus Rath an Rachmais

Creid é nó ná creid, tá an clár Winning Streak ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód, an mhí seo.

Ar fhaitíos go gceapfadh sibh go bhfuil ‘gaċ uile údar’* agamsa, nó gur mé atá ‘údruiġṫe’*, nó ar fhaitíos go gceapfadh sibh go bhfuil ‘eolas an domhain’** agam, níl, ná baol orm. Mo chluasáin, a léitheoirí, a d’inis an scéal dom, ar maidin, faoi Winning Streak.

Thar na blianta, is dóigh gur chuir an clár sin le saibhreas saoil go leor daoine, ach go háirithe le saol na rannpháirtithe, na gnáthdhaoine ar éirigh leo na ‘three stars’ sonasacha sin a fháil.

Cé nach raibh páirt agam féin sa chlár riamh, is minic a bhreathnaím air, más rud go bhfuilim sa seomra, os comhair na teilifíse ag am a chraolta, an dtuigeann sibh.

Is cuimhin liom clár amháin, feirmeoir ‘páirtaimseartha’, dar leis féin, a bhí mar dhuine den chúigear a bhí ar tí tabhairt faoi pháirt a ghlacadh sa chomórtas ar an gclár, agus bhí sé á chur faoi agallamh ag an láithreoir. Ar mhaithe leis an scéal seo a insint, agus le nach gcuirfear aon duine ná áit in aithne, déarfaimid gur as Baile na mBocht don fheirmeoir. Sea.

Más buan mo chuimhne, agus tá sé blianta ó chonaic mé an clár ar leith seo, sé Derek Mooney, nó b’fhéidir Marty Whelan a bhí ag cur na gceisteanna, é ag iarraidh na hiomaitheoirí ar an gclár a chur in aithne don lucht éisteachta, an dtuigeann sibh.

Mar is eol do chách, ní bhíonn sé, b’fhéidir, ahem… b’fhéidir nach mbíonn sé ró-éasca eolas a ghnóthaí a fháil ón té a bhíonn ag feirmeoireacht, go háirithe más rud go bhfuil an feirmeoir sin ag obair mar fheirmeoir ‘páirtaimseartha’, mar a déarfá, le jab beag eile aige, b’fhéidir, áit éigin eile.

Anois, b’fhéidir go raibh jab beag eile ag an bhfeirmeoir áirithe seo, agus b’fhéidir nach raibh. Nílim cinnte. Bhí sé deacair a rá ón méid eolais nár tugadh.

Cibé scéal é, ní raibh ag éirí rómhaith leis an láithreoir bocht mórán cainte a bhaint as an bhfeirmeoir páirtaimseartha, cheap mé féin, agus, is dóigh liom, le deireadh deas cineálta a chur leis an agallamh strusúil, thosaigh sé ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad iomaitheoir eile, é a rá aige leis an bhfeirmeoir, ‘So, anyway, you’re happy, just working away...’

‘I’m not working away...!’ arsa an bhfeirmeoir, go cosantach, ‘…I’m only working i mBaile na mBocht!’

*********************

* McCionnaith, lch. 671 – 'knows all about everything'
** DeBhladraithe, lch. 450 – 'mine of information'
.

Sunday, June 14, 2009

Tom

Éist, má bhíonn deis agaibh, a léitheoirí, le Tom agus é ag labhairt ar chlár Marian Finucane ar RTÉ Raidió 1 ar maidin inniu, Dé Domhnaigh. Is fiú go mór an méid atá le rá aige a chloisteáil, go háirithe an scéal sin uaidh faoin gcailín beag, a bhí faoi chúram an stáit, agus a d’fhág lorg a fiacla i lámh bean rialta.

Éist le céard a tharla den chailín beag sin, mar a insíonn Tom é. Aiféala orm nach féidir liom an scéal a roinnt libh anseo. Ní féidir liom na focail a fháil a d’fhéadfadh é a mhíniú. Fágfaidh mé fúibh féin é iarracht a dhéanamh ciall agus réasún a bhaint as, más féidir a leithéid a dhéanamh, choíche.
.

Saturday, April 18, 2009

Súile chun Spéire

Is iomaí uair a chaithim mo shúile chun spéire nuair a chloisim rudaí a chuireann iontas, nó fiú déistin, orm. Fanann na súile sin thuas ansin, agus mo chluasa mar chomhluadar acu, agus bíonn siad ag déanamh iontais don mhéid a fheiceann siad, agus a chloiseann siad, ón stáitse sin. Is minic go gcastar fearg, brón, fuarchúis, alltacht agus meascán mearaí eile de mhothúcháin orthu agus iad thuas ar an stáitse sin. Faraor, is minic ceann nó dhó de na mothúcháin sin ag teacht anuas i dteannta mo shúile, agus sin mar ar tharla an tseachtain seo.

Chuala mé cúpla clár ar an raidió a chuir mo shúile ar rith chun spéire arís. Mar ar tharla sé, bhí siad san áireamh ag Ruth Buchanan ar Playback ar maidin inniu, agus is fiú éisteacht leis na píosaí sin, atá le fáil ag an Playback Podcast ag http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_playback.xml.

Is clár 57 nóiméad atá ann, ach is féidir na cinn a chuir mo shúile sa siúl a fháil idir 44.28 – 47-55 (Paddy O’Gorman ar an O’Malley Estate i Luimneach ar ‘Today with Myles Dungan’, Dé hAoine) agus idir 47.59 – 52.16 (Damien O’Reilly ar ‘Liveline’, Déardaoin).

Théis an méid sin a bheith déanta agat, má bhíonn na focail ‘cic sa tóin!’, nó ‘go bhfóire Dia orainn!’ ar bharr do theanga agat, tuigfidh mé do chás.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.